Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 8 Deireadh Fómhair 2017
Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.
Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain in Árainn Mhór i 1953
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951
The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date. The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.
Seanchas, scéalaíocht agus léargas ar oidhreacht na Gaeilge ar Radió Éireann ón chéad lá anall.
Tadhg Ó Muirithe ag caint fá leabhar nua le Seán Ó Tuama "Scéal ar Phádraig a seoladh ag Féile Amharclainne BhÁC 1961. Tuairisc ó Fhéile Drámaíochta Dhún Geanainn 1962. Pádraig Mac Con Mí ag caint.
Tuairisc ar chuairt Aisteoirí Ghaoth Dobhair i mBaile Átha Cliath le dráma a chuir ar stáitse sa Damer. Áine Nic Giolla Bhríde agus Aire na Gaeltachta ag caint.
Jack (Seán) Ó Corraoin ón Rinn ag caint sa bhliain 1974.
Joseph Davitt a d'fhoghlaim Gaeilge den scoth i Nua Amhrach ag caint sa bhliain 1972.
Pádraig Mac Seáin ó Theileann i nGaeltacht Iar-dheisceart Dhún na nGall agus Piaras Ó Cíobháin ó Bhaile an Fhéirtéirigh ag caint fá iománaíocht sa Ghaeltacht fad ó shoin.
Seán Ó Síocháin, amhránaí agus iar Phríomh-Stiúrthóir An Chumainn Lúthchleas Gael ag caint agus ag ceol do Sheán Óg Ó Tuama sa bhliain 1960. Michael Gorman fideal agus Michael Gorman feadóg mhór ó Shligeach le port a thaifead siad don BBC san 50adaí.
Teideal: Planxty Davis
Ceoltóir(í): Nic Jones
Albam: Penguin Eggs / Topic / TSCD 411
Fad: 9:50
+353 1 2082021
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee