Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

20:00 - 21:00 Dé Domh / Sun

Siúlach Scéalach Dé Máirt 26 Lúnasa 2014

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain in Árainn Mhór i 1953 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.  The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.

Siúlach Scéalach 26ú Lúnasa 2014

Cainteoirí ó dhúchas Gaeilge ó Cho an Chláir a thaifead Séamus Ennis sa bhliain 1949 agus Andreas Ó Gallchóir sa bhliain 1958.

Séamus Ennis agus Gaeilge Cho an Chláir sa bhliain 1949

Séamus Ennis ag caint le Bríd Uí Choisdealbha i gCill Bheathach, Peadar Ó Lochlainn i mBaile Uí Mhocháin i dtuaisceart an chondae, Pat "Cuckoo" O Brien agus An "Baser" Conlon i Sráid na nIascairí sa bhliain 1949.

Andreas Ó Gallchóir agus Gaeilge Cho an Chláir sa bhliain 1958.

Andreas Ó Gallchóir ag caint le roinnt Gaeilgeoirí i gCo an Chláir sa bhliain 1958 ina measc tá Micheál Mac an Airchinnigh (Coillte) a bhí ar dhuine acu sin a shabháil foireann An Leon XIII sa bhliain 1906. Máire Ní Dhonnabháin - Paidir agus rann; Pádraig ó hAodha Lios Ceannúir - scéal fá argóint idir cabáiste agus fata. Seán Óg Diollúin Ó Chill Seannaigh - scéal "Madra Bán na nOchtA gCos". Éamon MacMathúna - "Aithrí Sheáin de hÓra. Seán Ó Briain Dúlainn ag cur síos ar thuras go hÁrainn. Jack Carley - scéal fá fhear ag iarraidh mná le spéicéir (matchmaker).

Ceol ón gclár

Teideal: Planxty Davis

Ceoltóir(í): Nic Jones

Albam: Penguin Eggs / Topic / TSCD 411

Fad: 2:50

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

+353 1 2082021

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís