Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

20:00 - 21:00 Dé Domh / Sun

Siúlach Scéalach Dé Máirt 19 Lúnasa 2014

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain in Árainn Mhór i 1953 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.  The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.

Siúlach Scéalach 19ú Lúnasa 2014

1. Alphonsus Mac a' Bhaird, Teileann, Co Dhun na nGall ag caint sa bhliain 1969. 2. Éamonn Mac Aoidh Oileán Acla ag caint sa bhliain 1957. 3. Comóradh 50 bliain ar "An Cathalán Gaelach" d'Arm na hÉireann sa bhliain 1974.

Alphonsus Mac an Bhaird Teileann Co Dhún na nGall

Alphonsus Mac a' Bhaird as Teileann i nGaeltacht Dhún na nGall ag caint le Proinsias Ó Conluain sa bhliain 1969 fá bhochtanas ina óige agus a dhearcadh ar scoláirí óga a linne.

Éamonn MacAoidh Oileán Acla Co Mhaigh Eo

Éamonn MacAoidh ó Dhún Ibhir, Oileán Acla le rann fá "Oíche na Gaoithe Móire" agus cúpla amhrán.

COmóradh ar "An Cathalán Gaelach" de chuid Arm na hÉireann

Tuairisc ar an chomóradh ar 50 bliain den "Cathalán Gaelach" d'Arm na hÉireann a bhí ar siúl i nGaillimh sa bhliain 1974. Tuairisc le Pádraic Dolan

Ceol ón gclár

Teideal: Planxty Davis

Ceoltóir(í): Nic Jones

Albam: Penguin Eggs / Topic / TSCD 411

Fad: 2:50

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

+353 1 2082021

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís