Siúlach Scéalach

15:00 - 16:00 Dé Luain / Mon

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 1 Meitheamh 2014

Éist anois

Siúlach Scéalach 1ú Meitheamh 2014

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.
Éist anois

Siúlach Scéalach 1ú Meitheamh 2014

'Sé do bheatha isteach ag clár eile sa tsraith Siúlach Scéalach agus is i dTír Chonaill is mó a bheás muid inniu agus duine ar bith a bhíonns ag éistacht le clár Rónáin Mhic Aodh Bhuí seans gur mhoithigh siad an bhean seo Máire Nic Eachmharcaigh as Crolly ag ceol ó thaifead a déanadh dithe sa bhliain 1955 agus ag caint le Rónán as San Francisco áit a bhfuil corradh le leath-chéad bliain caite aici ann . Taifeadadh í sa bhliain 1955 nuair a bhí Proinsias Ó Conluain agus an tAonad Taistil fá Rann na Feirste, Gaoth Dobhair agus Baile na Finne agus chomh maith leis sin tá pictiúr galánta de Mháire agus Proinsias a thóg Johnny Spillane an t-innealltóir fuaime ar an turas agus chonaic go leor daoine é ar facebook agus twitter agus mar sin de. D'aimsigh mé féin na taifeadaí agus b'fhéidir go bhfaigheadh muid tuilleadh amach asneo......agus seo ceann de chuid amhrán Mháire. Máire Nic Eachmharcaigh ansin. Agus tá an cnuasach beag amhrán de chuid Mháire a d'aimsigh mé ag RnaG i nDoirí Beaga agus tá mé iontach buíoch do Rónán agus Emer a rinne obair mhór le fail i dteagmháil le Máire agus na daoine a chuir ainmneacha ar chuid den mhuintir atá sna pictiúirí. Bhuel anois go Toraí agus roinnt daoine ag caint liom fá úir Thoraí agus an dóigh a choinníonn sí iascairí slán ar an fharraige agus go ndíbríonn sí luchógaí móra de thairbhe mé bheith ag caint le Rónán fá dtaobh de. Agus chuir mise giota fá úir Thoraí ar Taispeántas nó Exhibition mar a thugtar orthu ar shuíomh idirlín rte. Tá nasc ansin a thabharfas fhad le archives tú agus tchífidh tú na taispeántais. An rud atá i gceist leofa seo ná go ndírítear aird ar dhaoine cáiliúla, ócáidí cáiliúla agus mar sin de má tá agallaimh nó caint uafu ar an radio nó teilifís. Dírítear ar na míreanna is tábhachtaí le cur ar taispeáint agus bíonn pictiúirí ann, fuaim ón radio má's ann dó. De ghnáth is blúirí gairide a bhíonn le cluinstin ar an suíomh mar is don ghnáth phobal é ach ansin tá breis eolais ar fáil má gníonn tú scrolling síos fríd na suíomhanna. An rud a bhfuil Séamas Uilliam MacRuairí ag déanamh tagairt dó anseo fán bhean nó an nun ón Ind atá curtha ar an oileán tá sé sa tseanchas i dToraígh go dtainic seachtar de chlann rí na Hindia no na hiOrruaí i dtír i dToraí in aimsir Cholm Cille mar go raibh cáil mhór air ar fud an domhain de thairbhe na Críostaíochta....ach bathadh iad agus iad ag iarraidh a theacht i dtír seisear gasúr agus girseach amháin agus tugtar scoilt an Mhuirsheisear nó seachtar ar an áit a báthadh iad. Is as poll sa bhinn in aice le Muirheisear a thógtar an úir áit a bhfuil an bhean Indiach curtha. Seo mar sin Séamus William agus Willie Ó Dubhgáin ag caint fán ábhar seo. Séamus agus Willie. Séamus Uilliam Mac Ruairí agus Willie Ó Dubhgáin ansin...agus má tá fáil agat ar facebook nó twitter ar shuíomh RnaG tá pictiúr iontach ansin a thóg PÓC de Ned Nugent Ó Radio Éireann agus fear ó Thoraí agus iad ag taifeadh ceol na n-éanacha fá na beanna. Anois fuair mé amach fríd chlár Rónáin gur Willie Mary Bhilie Ó Dubhgain atá ar an fhear sin ach b'eisean a bhí ag caint ansin? Má thig leat cuidiu liom ian.lee@rte.ie . Agus anois amhrán eile ó Mháire Nic Eachmharcaigh. Máire Nic Eachmharcaigh ansin. Agus amhran nó dhó eile le theacht uaithi. Anois rud eile a dhéanfadh muintir Thoraí sa tsean-am ná éanacha agus coiníní a cheapadh fá choinne bia. Ribeadh éanacha a tugadh ar seo agus seo Hughie Dixon ag déanamh cur sí air do Phroinsias Ó Conluain ar an oileán sa bhliain 1956. Hughie Dixon ansin. Fear eile a taifeadadh sa bhliain 1956 ná Dónall MacRuairí agus rinne sé cur sios iontach ar an dóigh le currach a dhéanamh agus curraigh dá gcuid féin acu i dToraigh. Dónall MacRuairí ansin. Agus anois an t-amhrán deireannach ó Mháire Nic Eachmharcaigh. Máire Nic Eachmharcaigh. Anois rinne Jimmy Dixon cur sios do Phroinsias ar chaitheam aimsire ar an oileán agus gníonn sé tagairt anseo fosta do na curraigh chéaslaí a raibh Dónall MacRuairí ag caint fá dtaobh daofa.
Éist anois

Máire Nic Eachmharcaigh

Maire Nic Eachmharcaigh as Croithlí i nGaeltacht Dhún na nGall ag ceol "Éirigh suas a Stóirín" do Phroinsias Ó Conluain sa bhliain 1955 i gCroithlí
Éist anois

Úir nó Créafóg Thoraí

Séamus Uilliam MacRuairí agus Willie Ó Dubhgáin ag cur síos ar úir nó créafóg Thoraí agus scéalta acu fán dóigh a shabháileann sí iascairí ar an fharraige agus mar a dhibríonn sí luchóga móra as tithe. Proinsias Ó Conluain a thaifead 1956 ar an oileán.
Éist anois

Máire Nic Eachmharcaigh

Máire Nic Eachmharcaigh ag ceol "Inis Dhún Ramha" do Phroinsias Ó Conluain i gCrotihlí sa bhliain 1955.
Éist anois

Hughie Dixon, Toraí.

Hughie Dixon ó Thoraí ag déanamh cur síos ar ribeadh éanacha i dToraigh do Phroinsias Ó Conluain sa bhliain 1956.
Éist anois

Dónall MacRuairí

Dónall MacRuairí ó Thoraí ag déanamh cur síos ar an dóigh le curach a dhéanamh do Phroinsias Ó Conluain ar an oileán sa bhliain 1956.
Éist anois

Máire Nic Eachmharcaigh

Máire Nic Eachmharcaigh ag ceol "Ar Chonlaigh Ghlais an Fhómhair" do Phroinsias Ó Conluain sa bhliain 1955 i gCrotihlí Co Dhún na nGall.
Éist anois

Jimmy Dixon, Toraigh

Jimmy Dixon ó Oileán Thoraí ag cur síos do Phroinsias Ó Conluain ar chaitheamh aimsire agus cúrsaí iascaireachta i dToraigh sa bhliain 1956.
Éist anois

An Tathair Eoghan Ó Colm

An tAthair Eoghan Ó Colm a bhí ina sheiplíneach i dToraigh ag an am ag ceol amhrán fá Radio Éireann ag cruinniú seanchais agus mar sin don radio. Tá Proinsias Ó Conluain agus an t-innealtóir fuaime Ned Nugent luaite san amhrán.

         

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.
 

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series presented by Ian Lee we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.
 

The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Picture credits. 1 Séamus Ennis. 2. Jimmy Mahon in 2RN Little Denmark Street Studio in 1926. 3. Mobile Recording Unit on way to Arranmore Island Donegal in 1953 with Jimmy Mahon, Seán Ó hEochaidh and an islander.

Siúlach Scéalach

Clár is deireanaí

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal Féach sceideal