Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

20:00 - 21:00 Dé Domh / Sun

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 2 Márta 2014

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.  The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.

Siúlach Scéalach 2ú Márta 2014

1. Scéalta Ó Sheán Ó Neachtain agus cúpla amhrán ó bheirt chailíní óga ó Phort a' Chlóidh i nGaeltacht Mhaigh Eo sa bhliain 1957. Ciarán MacMathúna thaifead. 2. Gleann na nGealt in aice leis an Cham i gCo Chiarraí áit a bhfuil leigheas sa tobar ann. Liam Ó Cathalláin ag caint sa bhliain 1968 le Pádraig Tyers.

Seán Ó Neachtain Ó Phort an Chlóidh Co Mhaigh Eo

Seán Ó Neachtain ag caint le Ciaran MacMathúna i bPort an Chlóidh Co. Mhaigh Eo sa bhliain 1957 fá chúrsaí iascaireachta, rónta srl.

Áine Ní ? agus Máire Eibhlín Ní Ghacháin ag amhránaíocht do Ciarán Macmathúna sa bhliain 1957.

Áine Ní ? ag ceol "Caisleán an Bharraigh" do Chiarán MacMathúna sa bhliain 1957 i Port an Chlóidh CO Mhaigh Eo agus Máire Eibhlín Ní Ghacháin ag casadh "Fáinne Geal an Lae".

Liam Ó Cathalláin ag caint fá "Ghleann na nGealt" i gCiarraí.

Seanchas fán leigheas atá sa tobar i nGleann na nGealt in aice leis An Cham i gCo Chiarraí ó Liam Ó Cathalláin ag caint le Pádraig Tyers sa bhliain 1968.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

+353 1 2082021

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís