Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

20:00 - 21:00 Dé Domh / Sun

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 23 Feabhra 2014

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.  The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.

Siúlach Scéalach 23ú Feabhra 2014

1. Cur síos ar Oíche na Gaoithe Móire ó Tommy Hollywood ó dheisceart Ard Mhacha ón bhliain 1949. 2. Cur síos dramatúil ar fhilí na Máighe ó Phádraig Tyers sa bhliain 1957. 3. Anraí de Bláca a bhí ina chainteoir ó dhúchas Gaeilge ó Chill Bheathach ag cur síos ar scoláíocht ina óige. 4. Séamus Ó Grianna, nó Máire, as Rann na Feirste ag cur síos ar a shaothar agus éadóchas air fá thodhchaí na Gaeilge sa bhliain 1959. 5. Seosamh Mac Giolla Eoin ag cur síos ar phlean a bhí ag fear tábhairne amháin airgeada chruinniú do chóisir Nollag.

Oíche na Gaoithe Móire

Cuntas ar Oíche na Gaoithe Móire ó Tommy Hollywood ó dheisceart Ard Mhacha, fear a d'fhoghlaim a chuid Gaeilge ó na cainteoirí dúchasacha deireannacha i ndeisceart Ard Mhacha. Glacaim leis go bhfuil sé a' déanamh cur síos ar Oíche na Gaoithe Móire a thara ar an seú lá de mhí Eanáir 1839 ó chuntas a scríobh duine inteacht a bhí beo sa bhliain 1839 agus a d'fhulaing an stoirm.

Éigse na Máighe

Mír dhrámatúil fá fhilí na Máighe, Seán Ó Tuama an ghrinn agus Aindrias MacCraith An Mangaire Súgach go príomhdha ó Phádraig Tyers agus Uinseann MacGruairc sa bhliain 1957 agus 'sé Pádraig Tyers atá i mbun láithrithe.

Séamus Ó Grianna

Séamus Ó Grianna nó Máire, as Rann na Feirste , a scríobh go leor leabharthaí Gaeilge agus a d'aistrigh go leor go Gaeilge fosta agus á ag obair don Ghúm. Sa ghiota seo a taifeadadh sa bhliain 1959 ní raibh mórán dóchais aige go mairfeadh an Ghaeilge.

Seosamh Mac Giolla Eoin

Seosamh Mac Giolla Eoin, ó Chartlann Phroinsias Mhic Aonghusa, agus smaoineamh barúil a bhí ag tábhairneoir i mBinn Éadair le hairgead a chruinniú do chóisir Nollag do shean-daoine.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

+353 1 2082021

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís