Siúlach Scéalach

13:15-14:00 Dé Domhnaigh / Sun

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 26 Eanáir 2014

Éist anois

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.
Éist anois

Siúlach Scéalach 26ú Eanáir 2014

1. Micí Sheáin Néill Ó Baoill agus Seán Bán MacGrianna as Rann na Feirste, Seán Ó Conghaile agus Tomás MacDiarmada ó Chonamara agus Diarmuid agus Donncha ó Drisceoil ó Chléire ag caint fá chaoladóireacht nó déanamh cliabhanna agus bascóidí agus mar sin de. 2. Chriostóir MacAonghusa a tháinig ar an tsaol i gCo Uíbh Fhailí sa bhliain 1905 ag caint ar an aithne a bhí aige ar Charles Lamb agus Rosmuc áit a riabh sé ag múintoeireacht nuair a cháiligh sé. Cé nach ainm an duine atá i mbun agallaimh tugtha anseo barúil agam gur Pádhraic Ó Catháin nach maireann atá ann.
Éist anois

Caoladóireacht sna Gaeltachtaí

Micí Sheáin Néill Ó Baoill agus Seán Bán MacGrianna as Rann na Feirste, Seán Ó Conghaile agus Tomás MacDiarmada ó Conamara agus Diarmuid agus Donncha ó Drisceoil ó Chléire ag caint faoi chaoladóireacht nó déanamh cliabhanna agus cisean srl. sa bhliain 1970.
Éist anois

Cristóir MacAonghusa

Cristóir MacAonghusa ag caint fán aithne a bhí aige ar Charles Lamb, Rosmuc agus An Spáinn i measc rudaí eile sa bhliain 1981.

         

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.
 

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series presented by Ian Lee we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.
 

The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Picture credits. 1 Séamus Ennis. 2. Jimmy Mahon in 2RN Little Denmark Street Studio in 1926. 3. Mobile Recording Unit on way to Arranmore Island Donegal in 1953 with Jimmy Mahon, Seán Ó hEochaidh and an islander.

Siúlach Scéalach

Clár is deireanaí

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal Féach sceideal