Siúlach Scéalach

13:15-14:00 Dé Domhnaigh / Sun

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 19 Eanáir 2014

Éist anois

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.
Éist anois

Siúlach Scéalach 19ú Eanáir 2014

1. Seosamh Mac Giolla Eoin afg caint fá ábhair éagsúla sa bhliain 1968. 2. Annraoi Ó Liatháin mar a thaifead Proinsias mAcOnghusa é don tsraith Aeriris ar Radio Éireann. 3. Michéal Ó Gaothín, mac Pheig Sayers, agus scéal fan bhás aige ó thús na 70adaí. Micheal Ó Guithín. Micheál Ó Gaoithín ansin. Bhuel le deireadh a chuir le cúrsaí inniu cur síos ar ghrainnín logainmneacha i nGaoth Dobhair ó Shéamus Ó Colla agus é ag caint anseo le Proinsias Ó Conluain ag tús na 70adaí.
Éist anois

Seosamh MacGiolla Eoin

Seosamh Mac Giolla Eoin ag caint Aonach an Phoic; stailceanna; stól na dtrí chos; agus lucht caite tobac. Taifeadadh 1968 le Proinsias MacAonghusa.
Éist anois

Annraoi Ó Liatháin

Annraoi Ó Liatháin, státseirbhíseach, díograiseoir a bhí ina Uachtara ar Chonradh na Gaeilge idir 1950 agus 1952 a ag caint faoi dhá iasc órga cheannaigh sé agus na smaointe a bhuail é nuair a thóg sé abhaile iad.
Éist anois

Micheál Ó Gaoithín "Maidhc File"

Michéal Ó Gaoithín nó "Maidhc File" mar a tugadh air agus mac le Peig Sayers ag inse scéal fán bhás do Liam Ó Muirthile 1973.
Éist anois

Seosamh Ó Colla

Seosamh Ó Colla agus roinnt logainmneacha ó Ghaoth Dobhair aige. Proinsias Ó Conluain a thaifead 1972.

         

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.
 

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series presented by Ian Lee we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.
 

The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Picture credits. 1 Séamus Ennis. 2. Jimmy Mahon in 2RN Little Denmark Street Studio in 1926. 3. Mobile Recording Unit on way to Arranmore Island Donegal in 1953 with Jimmy Mahon, Seán Ó hEochaidh and an islander.

Siúlach Scéalach

Clár is deireanaí

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal Féach sceideal