Siúlach Scéalach

16:10 - 17:00 Dé Máirt / Tues

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 12 Eanáir 2014

Éist anois

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.
Éist anois

Siúlach Scéalach 12ú Eanáir

1. Páipéar Bán i leith na Gaeilge a foilsíodh, sa bhliain 1965, á phlé ar an chlár Nuacht Anall Nuacht Abhus ag an athair Tomás Ó Fiaich, Micheál MacCárthaigh agus Roibeard MacGóráin. 2. Seosamh Dáibhéid ó Nua Eabhrac ag cur síos ar mar a d'fhoghlaim sé Gaeilge agus cúrsaí Gaeilge i Meiriceá. 2. Liam Ó Briain ag cur sios ar stailc mhór na bliana 1913 agus Jim Larkin agus James Connolly. 3. Cur síos ar "Forás Éireann" ó Phádraic Ó Ceoinnín.
Éist anois

Páipéar Bán i leith na Gaeilge 1965

Páipéar Bán i leith na Gaeilge a foilsíodh, , sa bhliain 1965. Mír fán Pháipéar Bhán ar an chlár Nuacht Anall Nuacht Abhus leis an Ath Tomás Ó Fiaich a bhí ina chathaoirleach ar an Choimisiún um Athbheochan na Gaeilge sa bhliain 1965 agus ina uachtarán ar Chumann na Sagart.
Éist anois

Seosamh Dáibhéid ó Nua Eabhrac.

Seosamh Dáibhéid ó Nua Eabhrac ag cur síos ar mar a d'fhoghlaim sé Gaeilge agus ag cur sios ar chúrsaí Gaeilge i Meiriceá. Ag tús na 70adaí a déanadh an t-agallamh.
Éist anois

An tOllamh Liam Ó Briain ag cur síos ar stailc mhór na bliana 1913.

Liam Ó Briain a bhí ina ollamh le Teangacha Rómánsacha in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus ní ba luaithe ina bhall de na hÓglaigh sa bhliain 1916 agus fosta ina bhall de Chonradh na Gaeilge ag caint ar an chlár Aeriris ar stailc mhór na bliana 1913 agus fosta gníonn sé comparáid idr stíl óráidíochta Jim Larkin agus James Connolly.
Éist anois

Forás Éireann 1959

Pádraig Ceoinnín ag labhairt le Conchubhair Ó Coileáin ar an chlár Nuacht Anall Nuacht Abhus fá aidhmeanna "Forás Éireann" agus forbairt a bhí le theacht ar an eagraíocht.

         

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.
 

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series presented by Ian Lee we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.
 

The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Picture credits. 1 Séamus Ennis. 2. Jimmy Mahon in 2RN Little Denmark Street Studio in 1926. 3. Mobile Recording Unit on way to Arranmore Island Donegal in 1953 with Jimmy Mahon, Seán Ó hEochaidh and an islander.

Siúlach Scéalach

Clár is deireanaí

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal Féach sceideal