Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

20:00 - 21:00 Dé Domh / Sun

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 10 Samhain 2013

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.  The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Siúlach Scéalach 10ú Samhain 2013

1. Micí Sheáin Néill Ó Baoill ó Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall. 2. Colm Ó Caodháin ó Ghlinnsce Carna. 3. Peats Kane ón Muirígh i gCorca Dhuibhne. 4. Dairbe Mac Seáin Ó Theileann i nGaeltacht Dhún na nGall

Siúlach Scéalach 10ú Samhain 2013

1. Micí Sheáin Néill ó Baoill as Rann na Feirste i nGaeltacht Dun na nGall. 2. Colm ó Caodháin ó GHlinnsce, Carna. 3. Peats Kane ón Muirigh i gCorca Dhuibhne. 4. Dairbe MacSeáin ó Theileann i nGaeltacht Dun na nGall

Micí Sheáin Néill ó Baoill as Rann na Feirste

Micí Sheáin Néill Ó Baoill ag inse fán chéad duine de mhuintir Boyd a tháinig go dtí an Charraig Fhinn. Taifeadadh 1969.

Colm Ó Caodháin Glinnsce, Carna, Conamara

Colm Ó Caodháin ag inse scéalta fá aimsir an droch shaoil agus scéal fá Mhicheál Mac Suibhne, file cáiliúil a thaisteal Conamara, agus sagart. Séamus Ennis a thaifead 1948.

Peats Kane ón Mhuiríoch

Peats Kane ón Mhuiríogh ag inse sean scéalta do Bhreandán Ó Cíobháin thart fán bhliain 1970.

Dairbe MacSeáin as Teileann

Dairbe MacSeáin as Teileann ag cur síos ar chúrsaí iascaireachta do Sheán MacRéamoinn sa bhliain 1952.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

+353 1 2082021

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís