Siúlach Scéalach

13:15-14:00 Dé Domhnaigh / Sun

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 3 Samhain 2013

Éist anois

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.
Éist anois

Siúlach Scéalach 3ú Samhain 2013

1. Aodh ó Siadhail ó Na Dúnaibh, Ros Goill, Co Dhún na nGall. 2. Pádraic agus Bríd Ó Cualáin agus Sonny MacDonncha as Leitir Mealláin. 3. Máirtín Ó Lionnáin ó Ghleann Eidhneach, Baile Uí Bheacháin, Co an Chláir. 4. Micí "the Cope" Ó Gallchóir, Gaoth Dobhair. 5. Colm Ó Caodháin, Glinnsce, Carna.
Éist anois

Aodh Ó Siadhail, Na Dúnaibh, Ros Goill, Co Dhún na nGall

Aodh ó Siadhail ó Na Dúnaibh, Ros Goill, Co Dhún na nGall ag cur síos ar an tréimhse a chaith sé i Meiriceá agus an saol a bhí aige sa bhaile sula ndeachaigh sé ann. Proinsias Ó Conluain a thaifead 1974.
Éist anois

Pádraic, Bríd Ó Cualáin agus Sonny MacDonncha Leitir Mealláin

Pádraic agus Bríd Ó Cualáin agus Sonny MacDonncha as Leitir Mealláin agu cur síos ar an saol atá acu gan uisce gan leictreachas. Pádraic Dolan a thaifead 1974.
Éist anois

Máirtín Ó Lionnáin, Co an Chláir.

Máirtín Ó Lionnáin ó Ghleann Eidhneach, Baile Uí Bheacháin, Co an Chláir ag cur síos ar chúrsaí iascaireachta agus eile ina shaol. Proinsias Ó Conluain a thaifead 1971.
Éist anois

Micí "the Cope" Ó Gallchóir

Micí "the Cope" Ó Gallchóir, Gaoth Dobhair ag cur síos ar mar a tháinig sé go Gaoth Dobhair an chéad uair agus mar a chuir sé suim i ngnó na siopadóireachta. Proinsias Ó COnluain a thaifead 1975.
Éist anois

Colm Ó Caodháin, Glinnsce, Carna

Colm Ó Caodháin ó Ghlinnsce, Carna, fear a raibh meall seanchais, scéalta agus amhrán aige agus seo scéal a bhaineann le Finnbheara a bhí ina rí ar an síogaí i gCúige Chonnachta de réir an bhéaloideasa. Séamus Ennis a thaifead 1948.

         

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.
 

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series presented by Ian Lee we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.
 

The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Picture credits. 1 Séamus Ennis. 2. Jimmy Mahon in 2RN Little Denmark Street Studio in 1926. 3. Mobile Recording Unit on way to Arranmore Island Donegal in 1953 with Jimmy Mahon, Seán Ó hEochaidh and an islander.

Siúlach Scéalach

Clár is deireanaí

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal Féach sceideal