Siúlach Scéalach

16:10 - 17:00 Dé Máirt / Tues

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 13 Deireadh Fómhair 2013

Éist anois

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.
Éist anois

Siúlach Scéalach 13ú Deireadh Fómhair 2013

1. Tom Pheáidí MacDiarmada ó Chois Fharraige ag cur síos ar Mháirtín Ó Cadhain sa bhliain 1971. 2. Seán Ó Conghaile Cois Fharraige, ag cur síos ar Mháirtín Ó Cadhain. 3. Micheál Ó Siadhail agus Pádraigín Ní Cheallaigh, ag cur síos ar Mhairtín do Sheán MacRéamoinn. 4. Caitlín Maude agus Des Geraghty le hómós do Mháirtín. 5. Tomás Ó Cadhain deartháir do Mháirtín ag cur síos air.
Éist anois

Tom Pheáidí MacDiarmada ag caint ar Mháirtín Ó Cadhain.

Tom Pheáidí MacDiarmada ó Chois Fharraige ag cur síos ar an aithne a bhí aige ar Mháirtín Ó Cadhain sa bhliain 1971.
Éist anois

Seán Ó Conghaile ag caint ar Mháirtín

Seán Ó Conghaile ó Indreabhán, Cois Fharraige, ag cur síos ar a aithne féin ar Mháirtín Ó Cadhain sa bhliain 1970.
Éist anois

Micheál Ó Siadhail agus Padraigín Ní Cheallaigh lena gcuimhní ar Mháirtín

Éist anois

Caitlín Muade agus Des Geraghty ag cur síos ar Mháirtín

Caitlín Maude, an file agus amhránai sean-nóis, agus Des Geraghty gníomhaí ceardchumann agus scríbhneoir, le hómós do Mháirtín.
Éist anois

Tomás Ó Cadhain ag cur síos ar a dheartháir Máirtín

Tomás Ó Cadhain, deartháir do Mháirtín, ag cur síos air.

         

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.
 

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series presented by Ian Lee we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.
 

The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Picture credits. 1 Séamus Ennis. 2. Jimmy Mahon in 2RN Little Denmark Street Studio in 1926. 3. Mobile Recording Unit on way to Arranmore Island Donegal in 1953 with Jimmy Mahon, Seán Ó hEochaidh and an islander.

Siúlach Scéalach

Clár is deireanaí

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal Féach sceideal