Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

16:10 - 17:00 Dé Luain / Mon

rnag@rte.ie

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 6 Deireadh Fómhair 2013

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.  The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.

Siúlach Scéalach 6ú Deireadh Fómhair 2013

1. Máirtín ó Cadhain ag caint ar a cheantar dúchais agus a chuid daoine muinteardha sa bhliain 1967 ó scannán a déanadh do Theilifís RTÉ. 2. "Páipéir Bhreaca" ceann de dhá chaint a rinne Mairtín do Radió Éireannsa bhliain 1952. "Páipéir Bhána" a bhí ar an darna caint ach nach bhfuil sé ar fáil. 3. Ultan Macken ag caint le Máirtín ó Cadhain fá chúrsaí litríochta, Gaeilge agus eile mall sna 60adaí. 4. Criostóit MacAonghusa ag cur síos ar chuid den aithne a bhí aige ar Mháirtín.

Máirtín Ó Cadhain

1. Máirtín ó Cadhain ag caint ar a cheantar dúchais agus a chuid daoine muinteartha sa bhliain 1967 ó scannán a déanadh do Theilifís RTÉ.

Máirtín Ó Cadhain

2. "Páipéir Bhreaca" ceann de dhá chaint a rinne Mairtín do Radió Éireannsa bhliain 1952. "Páipéir Bhána" a bhí ar an darna caint ach nach bhfuil sé ar fáil.

Mairtín Ó Cadhain

"Páipéir Bhreaca" ceann de dhá chaint a rinne Mairtín do Radió Éireannsa bhliain 1952. "Páipéir Bhána" a bhí ar an darna caint ach nach bhfuil sé ar fáil.

Máirtín Ó Cadhain

Ultan Macken ag caint le Máirtín ó Cadhain fá chúrsaí litríochta, Gaeilge agus eile mall sna 60adaí.

Máirtín Ó Cadhain

Criostóir MacAonghusa ag cur síos ar chuid den aithne a bhí aige ar Mháirtín.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís