Siúlach Scéalach

15:00 - 16:00 Dé Luain / Mon

Siúlach Scéalach Dé Máirt 3 Meán Fómhair 2013

Éist anois

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.
Éist anois

Siúlach Scéalach 3ú Meán Fómhiar 2013

1. Tomás Ó Domhnaill, OIleán Acla, ag seanchas ón bhliain 1957. 2. Scéim na gcoiníní ag Gael-Linn 1961. 3. Pádraig MacSuibhne, An Suibhneach Meann ag caint 1973. 4. Peadar Ó Beirn, Teileann, Co Dhún na nGall, ón bhliain 1949. 5. Pádraig Ua Maoileoin ag caint faoi naomhóga sa bhliain 1970.
Éist anois

Tomás Ó Domhnaill

Tomás Ó Domhnaill ó Oileán Acla ag seanchas agus ag ceol do Chiarán MacMathúna ar an oileán sa bhliain 1957
Éist anois

Scéim na gcoiníní ag Gael-Linn

Cur síos ar scéim na gcoiníní don Ghaeltacht a bhí ag Gael-Linn sna 60adaí. Ón chlár Nuacht Anall Nuacht Abhus a tógadh an tuairisc sa bhliain 1961.
Éist anois

Pádraig MacSuibhne, an Suibhneach Meann

Pádraig MacSuibhne ag cur síos ar cheantar Mhúscraí agus eile do Phroinsias Ó Conluain sa bhliain 1973.
Éist anois

Peadar Ó Beirn, Teileann

Peadar Ó Beirn ó Theileann Co. Dhún na nGall ag portaíocht agus ag inse scéalta na bport do Shéamus Ennis sa bhliain 1949.
Éist anois

Pádraig Ua Maoileoin, Dún Chaoin

Pádraig Ua Maoileoin, Dún Chaoin, ag caint ar naomhóga le Breandán Ó Cíobháin sa bhliain 1970.

         

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.
 

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series presented by Ian Lee we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.
 

The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Picture credits. 1 Séamus Ennis. 2. Jimmy Mahon in 2RN Little Denmark Street Studio in 1926. 3. Mobile Recording Unit on way to Arranmore Island Donegal in 1953 with Jimmy Mahon, Seán Ó hEochaidh and an islander.

Siúlach Scéalach

Clár is deireanaí

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal Féach sceideal