Siúlach Scéalach

13:15-14:00 Dé Domhnaigh / Sun

Siúlach Scéalach Dé Máirt 13 Lúnasa 2013

Éist anois

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.
Éist anois

Siúlach Scéalach 13ú Lúnasa 2013

1. Muintir na Rinne sna Déise ag caint sa bhliain 1972. 2. Forbairt do Ghaeltacht Thír Chonaill sa bhliain 1959. 3. Tom Phaidí MacDiarmada ag seanchas sa bhliain 1970.
Éist anois

An tAthair Ó Flaithbhín sagart paróiste na Rinne sa bhliain 1972.

An tAthair Ó Flaithbhín sagart paróiste na Rinne ag cur sios ar an Rinn sna Déise mar leath-pharóiste agus aifrinn Ghaeilge sa cheantar.
Éist anois

Liam Breathnach sa Rinn 1972

Liam Breathnach ón Rinn ag cur síos ar an tsean-saol sa cheantar nuair nach raibh Béarla ar bith á labhairt, cúrsai iascaireachta, Coláiste na Rinne
Éist anois

Micheál Ó Domhnaill agus Coláiste na Rinne 1972

Micheál Ó Domhnaill, bainisteoir Choláiste na Rinne ag cur síos ar thionchar an choláiste ar an cheantar agus an Béarla ag teacht chun cinn.
Éist anois

Muiris Ó Ceallaigh sa Rinn 1972

Muiris Ó Ceallaigh iascaire as Heilbhic ag cur síos ar chúrsaí iascaireachta sa cheantar.
Éist anois

Sean-fhear ag cur síos ar fheirmeoireacht sa cheantar.

Sean-fhear, nach bhfuil a ainm tugtha, ag cur síos ar chúrsaí feirmeoireachta agus curadóireachta san áit agus mar a chaitheann sé an geimhreadh.
Éist anois

Forbairt i gCloich Chionnaola agus Gaoth Dobhair sa bhliain 1959.

Seán Ó Gallchóir ag cur síos ar scéim uisce do Chloich Chionnaola agus Seán MacFhionnlaoich ag cur síos ar chúrsaí iascaireachta i nGaoth Dobhair.
Éist anois

Tom Phaidí MacDiarmada i gCois Fharraige sa bhliain 1970.

An scéalaí agus seanchaí Tom Phaidí MacDiarmada ag caint le Proinsias Ó Conluain sa bhliain 1970 fá chúrsaí oibre ar an talamh agus ar an chladach.

         

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.
 

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series presented by Ian Lee we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.
 

The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Picture credits. 1 Séamus Ennis. 2. Jimmy Mahon in 2RN Little Denmark Street Studio in 1926. 3. Mobile Recording Unit on way to Arranmore Island Donegal in 1953 with Jimmy Mahon, Seán Ó hEochaidh and an islander.

Siúlach Scéalach

Clár is deireanaí

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal Féach sceideal