Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

20:00 - 21:00 Dé Domh / Sun

Siúlach Scéalach Dé Máirt 30 Iúil 2013

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain in Árainn Mhór i 1953 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.  The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.

Siúlach Scéalach 30ú Iúil 2013

1. Conal Ó Beirn, Teileann, Co. Dhún na nGall agus an sean-scéal An Deartháir Croíúil aige. Séamus Ennis a thaifead 1949. 2. Kruger Kavanagh (Muiris Caomhánach) ag caint le Breandán Ó Cíobháin i nDún Chaoin, Co. Chiarraí sa bhliain 1970. 3. Máirtín Ó Fathaigh, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe, a raibh Gaeilge ó dhúchas aige, ag caint le Nollaig Ó Gadhra sa bhliain 1970.

Conal Ó Beirn

Conal Ó Beirn, Teileann, Co. Dhún na nGall agus an sean-scéal An Deartháir Croíúil aige. Séamus Ennis a thaifead 1949.

Kruger Kavanagh (Muiris Caomhánach)

Kruger Kavanagh ag caint ar bhunoideachas fadó, oideachas a fuair sé sna Stáit Aontaithe, teacht na gcigirí scoile agus sagiart ag cur stad le rincí.

Máirtín Ó Fathaigh, Baile Locha Riach

Máirtín Ó Fathaigh ó Bhaile Locha Riach, Co. na Gaillimhe, a rugadh sa bhliain 1870 agus a raibh Gaeilge ó dhúchas aige ag caint fán Ghaeilge fadó agus anois agus obair in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe. Tháinig sé abhaile sa bhliain 1914. Nollaig Ó Gadhra a thaifead sa bhliain 1970.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

+353 1 2082021

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís