Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

16:10 - 17:00 Dé Luain / Mon

rnag@rte.ie

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 12 Bealtaine 2013

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.  The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.

Siúlach Scéalach

1. Tadhg Ó Catháin ag déanamh cur síos ar Shean-Phádraic. 2. Dónal Ó Súilleabháin ag cur síos ar an aithne a bhí aige ar Phádraic. 3. Seán MacRéamoinn ag déanamh léirmheasa ar shaothar Phádraic Uí Chonaire. 4. Pádraic Óg Ó Conaire ó Ros Muc - ní raibh sé gaolta le Sean-Phádraic - lena dhearcadh féin ar Shean-Phádraic agus a shaothar.

Tadhg Ó Catháin ar Shean-Phádraic Ó COnaire

Tadhg Ó Catháin ag déanamh cur síos ar Shean-Phádraic ag tógáil oifige ina theach. Bhí Sean-Phádraic ar lóistín aige.

Dónal Ó Súilleabháin ar Shean-Phádraic Ó Conaire

Dónal Ó Súilleabháin ag cur síos ar an aithne a bhí aige ar Phádraic.

Seán MacRéamoinn ar Shean-Phádraic Ó Conaire

Seán MacRéamoinn ag déanamh léirmheasa ar shaothar Phádraic Uí Chonaire.

Pádraic Óg Ó Conaire ar Shean-Phádraic Ó Conaire

Pádraic Óg Ó Conaire ó Ros Muc - ní raibh sé gaolta le Sean-Phádraic - lena dhearcadh féin ar Shean-Phádraic agus a shaothar.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís