Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

16:10 - 17:00 Dé Luain / Mon

rnag@rte.ie

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 21 Aibreán 2013

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.  The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.

Ar chlár an laei inniu: 1. Anraí de Bláca. 2. Máire Uí Shé. 3. Eoghan Ó Colm. 4. Eoghan MacCárthaigh. 5. Dónall MacAmhlaigh

Anraí de Bláca

1. Anraí de Bláca, cainteoir ó dhúchas Gaeilge ó Chill Bheathach Co an Chláir, ag cur síos ar an oíche a thug na Finíní ruathar ar Chill Bheathach. Taifeadadh 1969.  3. An tAthair Eoghan Ó Colm.

Máire Uí Shé

2. Máire Uí Shé, cainteoir ó dhúchas Gaeilge ó Oileán Dhairbhre (Valentia Island), le scéal faoi Fhionn Mac Cumhail. Taifeadadh 1975. 4. Eoghan MacCárthaigh.

Eoghan Ó Colm

3. An tAthair Eoghan Ó Colm le cuid de stair agus seanchas Thoraí. Proinsias Ó Conluain a thaifead 1969.

Eoghan MacCárthaigh

4. Eoghan MacCárthaigh ó Chnoc na Graí Co Chorcaí ag caint faoi chúrsaí an tsaoil le Pádraig Tyers sa bhliain 1975. Giota damhsa agus ceol pus le Dónal Ó Ceilleachair agus Máire Ní Charthaigh freisin.

Dónall MacAmhlaigh

5. Dónall MacAmhlaigh agu cur síos ar a shaol i Northampton.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

+353 1 2082021

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís