Siúlach Scéalach

13:15-14:00 Dé Domhnaigh / Sun

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 14 Aibreán 2013

Éist anois

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ.

Éist anois

Micheál Ó Fógartaigh

1. Micheál Ó Fógartaigh as Sosadh Baile 'n Sgeilg Co Chiarraí ag seanchas agus ag inse scéalta do Bhreandán ó Cíobháin sa bhliain 1972.

Éist anois

Tadhg Ó Rabhartaigh

2. Tadhg ó Rabhartaigh ó Loch an Iúir i nGaeltacht Thír Chonaill le dhá chaint a thaifead sé sa stiúideo fá chúrsaí creidimh agus agus ansin ceann faoin Bhéarla agus lucht an Bhéarla.

Éist anois

Iascairí ar an Eachléim 1957.

3. Ciarán MacMathúna ag caint le hiascairí as an Eachléim CO Mhaigh Eo fá chúrsaí iascaireachta, Gaeilge agus na Gaeltacha sa bhliain 1957. Níl a n-ainmneacha ar fáil.

Éist anois

Fear ón Eachléim sa bhliain 1957.

4. Fear a bhfuil Micheál air ón Eachléim, Co Mhaigh Eo, ag caint fá amhráin, cúrsaí iascaireachta agus neart seanchais eile le Ciarán MacMathúna sa bhliain 1957.

         

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.
 

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series presented by Ian Lee we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.
 

The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Picture credits. 1 Séamus Ennis. 2. Jimmy Mahon in 2RN Little Denmark Street Studio in 1926. 3. Mobile Recording Unit on way to Arranmore Island Donegal in 1953 with Jimmy Mahon, Seán Ó hEochaidh and an islander.

Siúlach Scéalach

Clár is deireanaí

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal Féach sceideal