Siúlach Scéalach

15:00 - 16:00 Dé Luain / Mon

Podchraoltaí

Dé Luain 13 Deireadh Fómhair

Siúlach Scéalach 13ú Deireadh Fómhair 2014

Scéal na Gaeilge i Radio Éireann ón bhliain 1926 nuair a tháinig seirbhís nua chraolacháin ar an aer faoin ainm 2RN go dtí bunú Raidió na Gaeltachta sa bhliain 1972. Láithreoir Diarmaid Breathnach.

Dé Luain 6 Deireadh Fómhair

Seán Tóibín ón Rinn Co Phort Láirge

Seán Tóibín ó Bhaile na nGall, An Rinn, ag caint le Pádraig Tyers fá chúrsaí iascaireachta ag tús na 70adaí.

Dónall Ó Ceocháin Co Chorcaí

Dónall Ó Ceocháin ag caint le Pádraig Tyers fá choiníní ag tús na 70adaí.

Domhnall Ó Dubhda, Baile na nGall Co Chairraí

Domhnall Ó Dubhda, Baile na nGall Co Chiarraí Iag caint ar Pheig Eoin ag deireadadh na 60adaí.

Anraí de Bláca ó Chill Bheathach Co an Chláir.

Anraí de Bláca (Henry Blake) cainteoir ó dhúchas Gaeilge ó Chill Bheathach Co an Chláir ag cus síos ar scolaíocht ina óige ag tús an naoú aoise déag.

Cearta Sibhialta do mhuintir na Gaeltachta 1971

Diarmaid Ó Muirithe ag stiúradh díospóireachta fá chearta sibhialta do mhuintir na Gaeltachta le Séamus Ó Néill, Risteard Ó Glaisne agus Micheál Davitt.

Beartla Ó Conghaola Ó Charna, Conamara

Beartla Ó Conghaola, an seanchaí cáiliúil ag seanchas fá Naomh MacDara i gceantar Charna.

Micheál Ó Corrdubh Ros Dumhach Co Mhaigh Eo

Micheál Ó Corrdubh ó Ros Dumhach i nGaeltacht Mhaigh Eo ag cur síos ar shoithigh á gcreachadh agus an chéad phlúr a tháinig i dtír sa taobh sin tíre. Ciarán MacMacMathúna a thaifead 1957.

An Dr Seán Ó hEochaidh

Seán Ó hEochaidh, an bailitheoir agus scoláire cáiliúil béaloideasa, as Dún na nGall ag cur síos ar sheanchas fá Naomh Colmcille do Phroinsias Ó Conluain.

Dé Domhnaigh 28 Meán Fómhair

Siúlach Scéalach 28ú Meán Fómhair 2014

Éigse Chonamara 1971. Páirteach ann - Peadar Mac an Iomaire, Tomás Ó Concheanainn, Aodh MacDhubháin, Tom Sailí agus Johnny Chóil Mhaidhc le hagallamh beirte, Seosamh Ó Coisdealbha agus Brenda Ní Shúilleabháin. Cur i láthair, Seán MacRéamoinn.

Dé Máirt 2 Meán Fómhair

Siúlach Scéalach 2ú Meán Fómhair 2014

Liam Ó Flaithearta ag caint le Máirtín Dempsey sa bhliain 1946. Leagan de “An Beo” á léamh ag Liam Ó Flaithearta sa bhliain 1946. Breandán Ó hEithir ag cur síos ar chúrsaí oileáin Árann sa bhliain 1970 do Phroinsias Ó Conluain. Máirtin Ó Direáin ag cur síos ar a shaol agus a chuid filíochta do Phroinsias Ó Conluain sa bhliain 1971.

Dé Máirt 26 Lúnasa

Andreas Ó Gallchóir agus Gaeilge Cho an Chláir sa bhliain 1958.

Andreas Ó Gallchóir ag caint le roinnt Gaeilgeoirí i gCo an Chláir sa bhliain 1958 ina measc tá Micheál Mac an Airchinnigh (Coillte) a bhí ar dhuine acu sin a shabháil foireann An Leon XIII sa bhliain 1906. Máire Ní Dhonnabháin - Paidir agus rann; Pádraig ó hAodha Lios Ceannúir - scéal fá argóint idir cabáiste agus fata. Seán Óg Diollúin Ó Chill Seannaigh - scéal 'Madra Bán na nOchtA gCos'. Éamon MacMathúna - 'Aithrí Sheáin de hÓra. Seán Ó Briain Dúlainn ag cur síos ar thuras go hÁrainn. Jack Carley - scéal fá fhear ag iarraidh mná le spéicéir (matchmaker).

Séamus Ennis agus Gaeilge Cho an Chláir sa bhliain 1949

Séamus Ennis ag caint le Bríd Uí Choisdealbha i gCill Bheathach, Peadar Ó Lochlainn i mBaile Uí Mhocháin i dtuaisceart an chondae, Pat 'Cuckoo' O Brien agus An 'Baser' Conlon i Sráid na nIascairí sa bhliain 1949.

Siúlach Scéalach 26ú Lúnasa 2014

Cainteoirí ó dhúchas Gaeilge ó Cho an Chláir a thaifead Séamus Ennis sa bhliain 1949 agus Andreas Ó Gallchóir sa bhliain 1958.

Dé Máirt 19 Lúnasa

COmóradh ar 'An Cathalán Gaelach' de chuid Arm na hÉireann

Tuairisc ar an chomóradh ar 50 bliain den 'Cathalán Gaelach' d'Arm na hÉireann a bhí ar siúl i nGaillimh sa bhliain 1974. Tuairisc le Pádraic Dolan

Éamonn MacAoidh Oileán Acla Co Mhaigh Eo

Éamonn MacAoidh ó Dhún Ibhir, Oileán Acla le rann fá 'Oíche na Gaoithe Móire' agus cúpla amhrán.

Alphonsus Mac an Bhaird Teileann Co Dhún na nGall

Alphonsus Mac a' Bhaird as Teileann i nGaeltacht Dhún na nGall ag caint le Proinsias Ó Conluain sa bhliain 1969 fá bhochtanas ina óige agus a dhearcadh ar scoláirí óga a linne.

Siúlach Scéalach 19ú Lúnasa 2014

1. Alphonsus Mac a' Bhaird, Teileann, Co Dhun na nGall ag caint sa bhliain 1969. 2. Éamonn Mac Aoidh Oileán Acla ag caint sa bhliain 1957. 3. Comóradh 50 bliain ar 'An Cathalán Gaelach' d'Arm na hÉireann sa bhliain 1974.

Dé Máirt 12 Lúnasa

Siúlach Scéalach 12ú Lúnasa 2014

Tréigint Inis Airc amach ó chósta thuaidh Chonamara sa bhliain 1960. Míreanna as clár a rinne Proinsias Ó Conluain an bhliain sin agus sleachta as nótaí cuimsitheacha a scríobh Ó Conluain fána chuairt ar an oileán.

Dé Máirt 5 Lúnasa

Siúlach Scéalach 5ú Lúnasa 2014

1. Liam S Gógan, fear ildánach - file, foclóirí, óglach ag caint le Nollaig Ó Gadhra sa bhliain 1969. 2. Jack Lynch, a bhí ina Thaoiseach ag an am ag caint le Nollaig Ó Gadhra sa bhliain 1969 fá oll-thoghchán na bliana sin.

Dé Máirt 29 Iúil

Siúlach Scéalach 29 Iúil 2014

1. Andreas Ó Gallchóir ag plé cursaí litríochta na Gaeltachta sa bhliain 1970. 2. Tomás Ó Cadhain, deartháir do Mháirtín, ag aithris Seanchas na Sceiche do Phádraic Dolan sa bhliain 1974.

Dé Máirt 22 Iúil

Siúlach Scéalach 22ú Iúil 2014

Diarmaid Ó Muirithe ag plé cúrsaí ó thuaidh i nDoire sa bhliain 1970 agus Na Apprentice Boys i mbun siúlóide. Ar an phaineal tá Breandán Ó hEithir, Proinsias Mac An Bheatha, Liam Ó Luanaigh agus Liam MacReachtain.

Dé Máirt 15 Iúil

Siúlach Scéalach 15ú Iúil 2014

1. An t-aisteoir cáiliúil Micheál MacLiammóir ag cus síos ar a shaol agus a shaothar do Sheán MacRéamoinn sa bhliain 1973 ar chlár teilifíse a raibh Seán Ó Mórdha ina stiurthóir air. 2. Colm Ó hEocha a bhí ina Uachtarán ar Choláiste na hOllscoile Gaillimh idir na blianta 1975-1996 ag caint le Nollaig Ó Gadhra fá thábhacht na heolaíochta sa chóras oideachais sa bhliain 1969.

Dé Máirt 8 Iúil

Siúlach Scéalach 8ú Iúil 2014

1. Roinnt de chainteoirí ó dhúchas Gaeilge Cho an Chláir mar a thaifead Andreas Ó Gallchóir iad sa bhliain 1959. 2. Seán Ó Dubhda mar a thaifead Seán MacRéamoinn é sa bhliain 1957 i nDún Chaoin ag caint fá ghnáth-chúrsaí an tsaoil. 3. Peadar Mac an Iomaire ó Ghluaiseacht CHearta Sibhialta na Gaeltachta, ag caint le Nollaig Ó Gadhra 1969 fána fheachtas in Olltoghchán na bliana sin i gConamara.

Dé Máirt 1 Iúil

Seosamh MacGrianna

Seosamh MacGrianna an t-údar cáiliúil as Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall ag caint le Proinsias Ó Conluain ag Éigse Ghaoth Dobhair na bliana 1972. Tá Proinsias Mac an Bheatha ó Bhéal Feirste agus Caitlín Nic Giolla Bhríde ó Ghaoth Dobhair le cluinstin sa chomhluadar fosta.

Seán Ó Roilleáin Ros Dumhach Co Mhaigh Eo

Seán Ó Roilleáin Ros Dumhach agus sean scéal aige do Chiarán MacMathúna sa bhliain 1957.

Aodh MacGairbhith (Hughie Mcgarvey)

Aodh MacGairbhith ag caint le Conall Ó Fearraigh as Gaoth Dobhair fá chúrsaí iascaireachta agus eile sa bhliain 1971.

Siúlach Scéalach 1ú Iúil 2014

1. Aodh MacGairbhith (nó Hughie McGarvey) ag caint le Conall Ó Fearraigh i nGaoth Dobhair sa bhliain 1971. 2. Seán Ó Roilleáin agus sean-scéal aige do Chiarán MacMathúna sa bhliain 1957 i Ros Dumhach Co Mhaigh Eo. 3. Seosamh MacGrianna ag caint le Proinsias Ó Conluain sa bhliain 1972 fána shaol agus a shaothar.

Dé Máirt 24 Meitheamh

Siúlach Scéalach 24ú Meitheamh 2014

Bernadette McAliskey Devlin ag caint le Nollaig Ó Gadhra sna blianta 1969 agus 1979. Déanann sí mion-chur síos ar a fealsúnacht pholaitiúil agus scagadh ar chúrsaí polaitiúla ó thuaidh agus ó dheas.

Dé Máirt 17 Meitheamh

Siúlach Scéalach 17ú Meitheamh

Donnchadh Ó Briain (1897-1981) ó Luimneach a bhí ina bhall de Chonradh na Gaeilge, a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse, a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí Fhianna Fail agus a bhí ina Rúnai Parlaiminte ag an Taoiseach Éamon de Valera ar feadh dhá thréimhse ag caint le Nollaig Ó Gadhra sa bhliain 1969 fána shaol.

Dé Máirt 10 Meitheamh

Siúlach Scéalach 10ú Meitheamh 2014

Proinsias Ó Conluain le clár ó Ghaeltacht Mhaigh Eo sa bhliain 1958. Eachtra faoi Aonad Taistil Taifeadta Radio Éireann ag dul sa díog san áireamh.

Dé Domhnaigh 1 Meitheamh

An Tathair Eoghan Ó Colm

An tAthair Eoghan Ó Colm a bhí ina sheiplíneach i dToraigh ag an am ag ceol amhrán fá Radio Éireann ag cruinniú seanchais agus mar sin don radio. Tá Proinsias Ó Conluain agus an t-innealtóir fuaime Ned Nugent luaite san amhrán.

Jimmy Dixon, Toraigh

Jimmy Dixon ó Oileán Thoraí ag cur síos do Phroinsias Ó Conluain ar chaitheamh aimsire agus cúrsaí iascaireachta i dToraigh sa bhliain 1956.

Máire Nic Eachmharcaigh

Máire Nic Eachmharcaigh ag ceol 'Ar Chonlaigh Ghlais an Fhómhair' do Phroinsias Ó Conluain sa bhliain 1955 i gCrotihlí Co Dhún na nGall.

Dónall MacRuairí

Dónall MacRuairí ó Thoraí ag déanamh cur síos ar an dóigh le curach a dhéanamh do Phroinsias Ó Conluain ar an oileán sa bhliain 1956.

Hughie Dixon, Toraí.

Hughie Dixon ó Thoraí ag déanamh cur síos ar ribeadh éanacha i dToraigh do Phroinsias Ó Conluain sa bhliain 1956.

Máire Nic Eachmharcaigh

Máire Nic Eachmharcaigh ag ceol 'Inis Dhún Ramha' do Phroinsias Ó Conluain i gCrotihlí sa bhliain 1955.

Úir nó Créafóg Thoraí

Séamus Uilliam MacRuairí agus Willie Ó Dubhgáin ag cur síos ar úir nó créafóg Thoraí agus scéalta acu fán dóigh a shabháileann sí iascairí ar an fharraige agus mar a dhibríonn sí luchóga móra as tithe. Proinsias Ó Conluain a thaifead 1956 ar an oileán.

Máire Nic Eachmharcaigh

Maire Nic Eachmharcaigh as Croithlí i nGaeltacht Dhún na nGall ag ceol 'Éirigh suas a Stóirín' do Phroinsias Ó Conluain sa bhliain 1955 i gCroithlí

Siúlach Scéalach 1ú Meitheamh 2014

‘Sé do bheatha isteach ag clár eile sa tsraith Siúlach Scéalach agus is i dTír Chonaill is mó a bheás muid inniu agus duine ar bith a bhíonns ag éistacht le clár Rónáin Mhic Aodh Bhuí seans gur mhoithigh siad an bhean seo Máire Nic Eachmharcaigh as Crolly ag ceol ó thaifead a déanadh dithe sa bhliain 1955 agus ag caint le Rónán as San Francisco áit a bhfuil corradh le leath-chéad bliain caite aici ann . Taifeadadh í sa bhliain 1955 nuair a bhí Proinsias Ó Conluain agus an tAonad Taistil fá Rann na Feirste, Gaoth Dobhair agus Baile na Finne agus chomh maith leis sin tá pictiúr galánta de Mháire agus Proinsias a thóg Johnny Spillane an t-innealltóir fuaime ar an turas agus chonaic go leor daoine é ar facebook agus twitter agus mar sin de. D’aimsigh mé féin na taifeadaí agus b’fhéidir go bhfaigheadh muid tuilleadh amach asneo......agus seo ceann de chuid amhrán Mháire. Máire Nic Eachmharcaigh ansin. Agus tá an cnuasach beag amhrán de chuid Mháire a d’aimsigh mé ag RnaG i nDoirí Beaga agus tá mé iontach buíoch do Rónán agus Emer a rinne obair mhór le fail i dteagmháil le Máire agus na daoine a chuir ainmneacha ar chuid den mhuintir atá sna pictiúirí. Bhuel anois go Toraí agus roinnt daoine ag caint liom fá úir Thoraí agus an dóigh a choinníonn sí iascairí slán ar an fharraige agus go ndíbríonn sí luchógaí móra de thairbhe mé bheith ag caint le Rónán fá dtaobh de. Agus chuir mise giota fá úir Thoraí ar Taispeántas nó Exhibition mar a thugtar orthu ar shuíomh idirlín rte. Tá nasc ansin a thabharfas fhad le archives tú agus tchífidh tú na taispeántais. An rud atá i gceist leofa seo ná go ndírítear aird ar dhaoine cáiliúla, ócáidí cáiliúla agus mar sin de má tá agallaimh nó caint uafu ar an radio nó teilifís. Dírítear ar na míreanna is tábhachtaí le cur ar taispeáint agus bíonn pictiúirí ann, fuaim ón radio má’s ann dó. De ghnáth is blúirí gairide a bhíonn le cluinstin ar an suíomh mar is don ghnáth phobal é ach ansin tá breis eolais ar fáil má gníonn tú scrolling síos fríd na suíomhanna. An rud a bhfuil Séamas Uilliam MacRuairí ag déanamh tagairt dó anseo fán bhean nó an nun ón Ind atá curtha ar an oileán tá sé sa tseanchas i dToraígh go dtainic seachtar de chlann rí na Hindia no na hiOrruaí i dtír i dToraí in aimsir Cholm Cille mar go raibh cáil mhór air ar fud an domhain de thairbhe na Críostaíochta....ach bathadh iad agus iad ag iarraidh a theacht i dtír seisear gasúr agus girseach amháin agus tugtar scoilt an Mhuirsheisear nó seachtar ar an áit a báthadh iad. Is as poll sa bhinn in aice le Muirheisear a thógtar an úir áit a bhfuil an bhean Indiach curtha. Seo mar sin Séamus William agus Willie Ó Dubhgáin ag caint fán ábhar seo. Séamus agus Willie. Séamus Uilliam Mac Ruairí agus Willie Ó Dubhgáin ansin...agus má tá fáil agat ar facebook nó twitter ar shuíomh RnaG tá pictiúr iontach ansin a thóg PÓC de Ned Nugent Ó Radio Éireann agus fear ó Thoraí agus iad ag taifeadh ceol na n-éanacha fá na beanna. Anois fuair mé amach fríd chlár Rónáin gur Willie Mary Bhilie Ó Dubhgain atá ar an fhear si

Dé Domhnaigh 11 Bealtaine

Nollaig Ó Gadhra ag caint le Seán Ó Conghaile

Seán Ó Conghaile ag caint le Nollaig Ó Gadhra ó Chnoc na hAille Indreabhán, ag caint faoi athbheochan bheith á dhéanamh ar phatrúin agus ar thurasanna srl.

Cáit Nic Giolla Bhríde - Gaoth Dobhair

Cáit Nic Giolla Bhríde ó Ghaoth Dobhair le seanchas fá oileáin Ghaeltachta Dun na nGall. Proinsias Ó COnluain a thaifead.

Seán Ó Roilleáin, Ros Dumhach, Maigh Eo

Seán Ó Roilleáin ag inse an tsean-scéil 'Bainne na Seacht mBliana' do Chiarán MacMathúna i Ros Dumhach sa bhliain 1975.

Liam Ó Briain agus Proinsias MacAonghusa

Liam Ó Briain ag cur síos do Phroinsias Ó Conluain ar an eolas a chuir sé ar phríosúin agus é sna hÓglaigh thart fá 1916. Taifeadead 1966.

Siúlach Scéalach 11ú Bealtaine 2014

1. Liam Ó Briain ag cur síos ar an eolas a bhí aige ar phríosúin agus é sna hÓglaigh. 2. Seán Ó Roilleáin, Co Mhaigh Eo, le sean- scéal. 3. Cáit Nic Giolla Bhríde le seanchas fá oileáin Ghaeltachta Dhún na nGall. 4. Nollaig Ó Gadhra ag caint le Seán Ó Conghaile ó Chonamara.

Dé Domhnaigh 4 Bealtaine

Siúlach Scéalach 4ú Bealtaine 2014

1. Pádraig MacPiarais - Fear Bhleá Cliath. Craoladh le Breandán Ó hEithir sa bhliain 1966. 2. Pádraig MacPiarais - Scoil Éanna agus Brian Seoigheach ó Inis Siar a bhí ina scoláire ar an scoil. 3. Criostóir MacAonghusa ag cur síos ar an Phiarsach i Ros Muc

Dé Domhnaigh 20 Aibreán

Éirí Amach na Cásca i gCorca Dhuibhne

Micheál Ó Bric ag cur síos ar eachtra a tharla i gCorca Dhuibhne le linn Éirí Amach na Cásca 1916.

Éirí Amach na Cásca i nGaillimh

2. Breandán Ó hEithir ag cur síos ar na hÓglaigh agus Éirí Amach na Cásca 1916 i nGaillimh. Na daoine seo páirteach ann - Seán Ó Concheanainn, Baile Chláir; Pádraic Ó hOlláin, Baile na Cúirte; Tomás Ó Conduibh, Tamhain; Liam Ó Loingsigh, Baile an Chlochair; Cathal Ó Coinn; Seoirse Mac Fhloinn; Píosaí faoi Liam Mellowes.

Siúlach Scéalach 20ú Aibreán 2014

1. Proinsias MacAonghusa ag caint le Liam Ó Briain fa na hÓglaigh agus Éirí Amach na Casca 1916. 2. Breandán Ó hEithir ag cur síos ar na hÓglaigh agus Éirí Amach na Cásca 1916 i nGaillimh. Na daoine seo páirteach ann - Seán Ó Concheanainn, Baile Chláir; Pádraic Ó hOlláin, Baile na Cúirte; Tomás Ó Conduibh, Tamhain; Liam Ó Loingsigh, Baile an Chlochair; Cathal Ó Coinn; Seoirse Mac Fhloinn; Píosaí faoi Liam Mellowes. 3. Micheál Ó Bric ag cur síos ar eachtra a tharla i gCorca Dhuibhne le linn Éirí Amach na Cásca 1916.

Dé Domhnaigh 13 Aibreán

Dé Domhnaigh 6 Aibreán

Siúlach Scéalach 6ú Aibreán 2014

1. Francie McGinty a bhí beo nuair a bhí An tAth. MacPháidín i nGaoth Dobhair. 2. Caitlín Nic Giolla Bhríde le le scéalta faoin Ath MacPháidín. 3. Séamus Ó Colla ag caint ar 'Pat O Donnell'. 4. Brendan Behan le Sliabh na mBan. 5. Seanchas fá Naomh Gobnait ó Chorca Dhuibhne.

Dé Domhnaigh 30 Márta

Seán Ó Ríordáin

An file Seán Ó Riordáin ag caint le Liam Ó Muirthile 1973.

How to Get this Podcast

  1. Download and Install Podcast Software You will have to download and install software to be able to subscribe to podcasts, and download the latest shows. There are a number of freely downloadable programmes that allow you to access podcasts. Some of the most popular applications are iTunes, Juice and Doppler, for a list of more options go to www.podcastingnews.com. RTÉ is not resposible for the content of external websites or applications.
  2. Subscribe to this Podcast Copy the URL from below or from the address bar of this page and then insert it into your podcast software, look for an ADD or SUBSCRIBE option and follow the instructions. URL: Your software will automatically inform you of any new editions to the podcast without the need to subscribe again. If you have iTunes installed you can use this One Click Subscription.
  3. Listen to your podcast

    The podcast will be downloaded in mp3 format or mp4 if it's video, once the download is fully complete you can simply listen to or watch the programme on your computer, or transfer the file to a portable device (mp3 player, iPod etc) and listen to it at your convenience.

Siúlach Scéalach

Clár is deireanaí

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal Féach sceideal