Siúlach Scéalach

15:00 - 16:00 Dé Luain / Mon

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.  The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Siúlach Scéalach Luan 23 Bealtaine 2016

Éist anois

Siúlach Scéalach

Seoda Gaeilge ó Chartlann Fuaime RTÉ ó 1947 i leith idir sheanchas, stair áitiúil, chúrsaí reatha agus ghné chláracha le béim ar leith ar na Gaeltachtaí.
Éist anois

Siúlach Scéalach - Na Coláistí Ullmhúcháin

Proinsias Ó Conluain le mír fá na Coláistí Ullmhúcháin Ghaeilge a cuireadh ar bun sa bhliain 1926 le caighdeán Gaeilge múinteoirí a fheabhsú. Páirteach ann tá ant-Ollamh Séamus Ó Néill agus Séamus Ó Buachalla léachtaí san oideachas. Páirteach chomh maith tá Lil Nic Dhonncha agus an Bráthair Peadar Ó Loinsigh

Ceol ón gclár

  • Teideal: Planxty Davis
    Cumadóir: Trad. Arr Nic Jones
    Ceoltóir(í): Nic Jones
    Ceoltóir(í): Nic Jones
    Albam: Penguin Eggs, Topic, TSCD 411
    Fad: 2:47
  • Teideal: Hare In The Corn/Irish Washerwoman
    Cumadóir: Trad Arr/John Gallagher
    Ceoltóir(í): John The Tae Gallagher
    Ceoltóir(í): John The Tae Gallagher
    Albam: THE DONEGAL FIDDLE, RTE, RTÉ CD 196
    Fad: 1:57
  • Teideal: The High Level Bridge/Mccormack's Hornpipe
    Cumadóir: Trad Arr
    Ceoltóir(í): John The Tae Gallagher/James Josie Mchugh
    Ceoltóir(í): John The Tae Gallagher/James Josie Mchugh
    Albam: THE DONEGAL FIDDLE, RTE , RTE CD 196
    Fad: 1:53
  • Teideal: Pinch Of Snuff
    Cumadóir: Trad Arr/Jimmy Lyons
    Ceoltóir(í): Jimmy Lyons
    Ceoltóir(í): Jimmy Lyons
    Albam: THE DONEGAL FIDDLE, RTE, RTE CD 196
    Fad: 2:28

Siúlach Scéalach

Clár is deireanaí

Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee

Sceideal Féach sceideal