RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Siansa Gael Linn 2011
Is iad an grúpa 'Éile' ó Laurel Hill, Coláiste FCJ, Luimneach a thug an chéad áit leo ag craobhchomórtas Siansa Gael Linn sa Cheoláras Náisiúnta Dé Domhnaigh 10 Aibreán 2011. Ag ceiliúradh deich mbliana ar an bhfód, tá Siansa anois ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre. Tá sé á reáchtáil ag Gael Linn, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Irish Music Magazine, chun dlúthcheangal a chothú idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige.
Bhí Siansa 2011 le cloisteáil beo ar Raidió na Gaeltachta agus ba í Áine Hensey a chuir an oíche i láthair.
Ceoltóirí óga na tíre a bhí ar stáitse ar an oíche, agus iad san iomaíocht don duaischiste €4500.
Éist le Siansa 2011 / Listen to Siansa 2011
8 ngrúpa ar fad a bhí páirteach sa Chraobh:
Crua, Port an Dúnáin, Co. Ard Mhacha
Teaspach, An Scoil Ghraiméir, Sligeach
Súgach, Dúrlas, Co. Thiobraid Árann
Buille Lughadha, Baile na Manach, Baile Átha Cliath
Cibé, Ráth Éanaigh, Baile Átha Cliath
Faoiseamh, An Ruán, Co. an Chláir
Éile, Laurel Hill Coláiste FCJ, Luimneach
Dílse, An Trá Mhór, Co. Phort Láirge
The young traditional music group 'Éile' from Laurel Hill Coláiste FCJ, Limerick are celebrating following their win at the Siansa Gael Linn Grand Finale in the National Concert Hall on Sunday 10 April 2011. Celebrating ten years since it's inception, Siansa is now one of the country's most prestitious competitions for young traditional Irish music and singing groups. Organised by Gael Linn, and supported by Foras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta and Irish Music Magazine, it is a unique fusion of the Irish language, Irish music and young people.
Siana 2011 was broadcast live from the National Concert Hall and Áine Hensey was compere for the night, which saw eight groups, above, compete for the prize fund of €4500.

Ioscaid - Buaiteoirí Siansa 2010

Thrí Lasadh, dara háit, Siansa 2010

Cibé, 3ú háit, Siansa 2010
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






