RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Siansa Gael Linn 2010
Bhí Craobh Siansa Gael Linn 2010 ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach 25 Aibreán, agus bhí an cheolchoirm le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 8 ngrúpa traidisiúnta a bhí san iomaíocht don duaischiste €4500, agus bhí €2500 le fáil ag an ngrúpa a tháinig sa chéad áit. Is iad Muireann Nic Amhlaoibh, ceoltóir agus amhránaí le Danú, Síle Denvir, ceoltóir agus amhránaí le Líadan, agus an fidléir leis an ngrúpa At First Light agus láithreoir raidió Dónal O'Connor na moltóirí ar an gcomórtas, agus is í Áine Hensey a chuir an cheolchoirm i láthair. Is iad na grúpaí a bhí páirteach sa chomórtas Cibé as Ráth Éanna i mBÁC, Smidiríní as An Tulach Mhór i gCo. Uíbh Fháilí, Trí Lasadh as Carna i gCo. na Gaillimhe, Fuinneamh as Tuaim i gCo. na Gaillimhe, Anáil as Baile Átha an Rí i gCo. na Gaillimhe, Dílse as An Trá Mhór i gCo. Phort Láirge, Clapsholas as Baile na Manach i mBÁC agus Ioscaid as Iúr Cinn Trá i gCo. an Dúin.
Na Torthaí:
1. Ioscaid, as Iúr Cinn Trá
2. Trí Lasadh as Carna
3. Cibé as Ráth Éanna i mBÁC
The Siansa Ghael Linn traditional music final was held in the National Concert Hall in Dublin on Sunday 25 April, and was broadcast live on RTÉ Raidió na Gaeltachta, presented by Áine Hensey. The concert featured 8 traditional music groups from different parts of the country who were competing for prizes totalling €4500, with the winners receiving €2500. Judges on the night were singer and musician with Danú Muireann Nic Amhlaoibh, singer and musician with Líadan Síle Denvir, and fiddler with At First Light and radio presenter Dónal O'Connor.
The Results:
1. Ioscaid, Newry
2. Trí Lasadh from Carna
3. Cibé from Raheny, Dublin

Ioscaid ar stáitse sa Cheoláras Náisiúnta

Ioscaid as Iúr Cinn Trá, na buaiteoirí

Trí Lasadh as Carna a tháinig sa dara háit

Cibé as Ráth Éanna a tháinig sa tríú háit

Ioscaid

Bronnadh ar Ioscaid - le Ceannaire RnaG Edel Ní Chuireáin, Ceannaire Ghael Linn Antoine Ó Coileáin agus Robert Heuston, foilsitheoir Irish Music Magazine.
Na Moltóirí

Muireann Nic Amhlaoibh

Síle Denvir

Dónal O'Connor
An Láithreoir

An láithreoir, Áine Hensey
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






