RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Siansa Gael Linn
Craobh Siansa Gael Linn 2009
Dé Domhnaigh 26 Aibreán
7.30 i.n.
Láithriú: Áine Hensey, Jó Ní Chéide
Léiriu: Seán Ó hÉanaigh
Craoladh Craobh Siansa Gael Linn 2009 Dé Domhnaigh 26 Aibreán beo ó Cheoláras na hOllscoile, Luimneach.
Éist leis an gceolchoirm anseo/Listen here to the concert
Is iad na buaiteoirí:
An Chéad áit: 'Spraoi', An Scoil Ghraiméir, Sligeach.
Dara háit: 'Anáil', Coláiste na Toirbhirte, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.
Tríú háit: 'Coimriú', Scoil Mhuire, Machaire Fíolta, Co. Dhoire.
Is iad na grúpaí eile a bhí sa chraobh:
- 'Rithim srl.', Ráth Éanna, Baile Átha Cliath.
- 'Cibé', Ráth Éanna, Baile Átha Cliath.
- 'Eamhain Macha', Ráth Tó, Co. na Mí.
- 'Seachrán', Coláistí Eoin/Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath.
- 'Diabhlaíocht', Dúrlas, Co. Thiobraid Árann .

Spraoi - Buaiteoirí Siansa Gael Linn 2009, in éineacht le
(ar chúl, ó chlé ) Robert Heuston ó Irish Music Magazine, múinteoirí Keith O'Donnell agus Deirdre Cox, Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta agus chun tosaigh, Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn.
Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag bronnadh duaise ar an ngrúpa Anáil a thánig sa dara háit i Siansa Gael Linn 2009.
Is comórtas ceoil thraidisiúnta do ghrúpaí ceoil é Siansa Gael-Linn a reáchtáltar gach bliain chun spreagadh agus ardán a thabhairt do cheoltóirí agus d'amhránaithe óga na tíre seo. Tugtar cabhair agus cúnamh do na hiarrthóirí trí cheardlanna a eagrú dóibh le ceoltóirí oilte. Cuirtear an-bhéim, leis, ar chur chun cinn na Gaeilge agus chuige sin is i nGaeilge a reáchtáiltear na hócáidí agus na comórtais.
Tá Siansa Gael Linn á reáchtáil ag Gael Linn i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Irish Music Magazine.
Is í Áine Hensey a chuir Craobh 2008 agus 2007 i láthair.
Siansa Gael Linn is an annual competition for traditional music groups which promotes traditional music amongst the younger generation. Listen below to the 2007 and 2008 finals, presented by Áine Hensey. The 2009 final will be broadcast live from University Concert Hall, Limerick on 26 April at 7.30 p.m.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar







