RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Seachtain na Gaeilge 2010

Dé hAoine 12 Márta Iris Aniar 9.08 a.m.
Beidh Iris Aniar ag teacht beo ó Tigh Lohan i mBóthar na Trá, Gaillimh mar chuid d'imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Tá duaiseanna bainte ag Lohans as usáid na Gaeilge ina gcuid oibre, agus inniu beidh an teach lán go doras le Gaeil na Gaillimhe agus le ceoltóirí a bheidh ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge. Á chur i láthair ag Eibhlín Ní Chonghaile.

Dé Sathairn 13 Márta Ar an gCoigríoch 10 a.m.
Is sraith nua cláracha í Ar an gCoigríoch atá á léiriú ag Tomás Mac Con Iomaire. Eachtrannaigh atá ag cur fúthu sa tír seo atá faoi agallamh sna cláracha, agus iad ag caint ar a ndearcadh ar shaol agus ar mhuintir na hÉireann. Is í Ariel Killick a bheidh le cloisteáil ar an gclár inniu. Is as Sydney na hAstráile d'Ariel, físealaíontóir agus ealaíontóir sráide atá ag cur fúithí sa tír seo le deich mbliana anuas a bhfuil cónaí uirthi i nGaillimh.

Dé Máirt 16 Márta Rónán Beo @ 3 3 p.m.
Inniu, craolfar Rónán Beo @ 3 ón Odeon ar Shráid Fhearchair, áit a mbeidh An Cabaret Craiceáilte ar siúl mar chuid d'imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2010. Ar an gclár inniu, beidh cuid de na haíonna a bheidh le cloisteáil sa Chabaret, agus orthu siúd tá Bréag, Enda Reilly, Henrietta Game, Máire Ní Choilm, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Bríd Ní Icí agus Fidil.

Lá le Pádraig 17 Márta

Barrscéalta 11.02 a.m.
Clár speisialta faoi bhuíonta ceoil Dhún na nGall - Banna Ceoil Chloich Cheann Fhaola, Banna Ceoil Dhobhair, Buíon Cheoil Mhullach Dubh agus An Crann Óg. Beidh siad ag caint chomh maith ar an gclár le muintir Dhún na nGall ar fud an domhain.


An Saol ó Dheas 12.08 p.m.
Beidh An Saol ó Dheas á chraoladh beo inniu ó Thigh Tabhairne Uí Fhlaithbheartaigh sa Daingean, croílár an cheoil ar an mbaile, áit a mbeidh craic agus ceol ann do Lá Fhéile Pádraig.

Spórt na Féile Pádraig 1.30 p.m.
Inniu, beidh cluichí ceannais i gcraobhacha sinsir na gclub ar siúl i bPáirc an Chrócaigh, agus craolfar na cluichí beo ar RnaG. Cuirfear tús le himeachtaí leis an iománaíocht ag 2 pm - Port Omna v Shamróga Bhaile Uí Éil, agus peil ansin ag 3.45 pm Cill Mhuirí Uí Bhreacáin v Naomh Gall.

Drochpháipéar agus Peann Luaidhe 5.04 p.m.
Clár faisnéise faoin saothar liteartha neamhghnáthach 'An Haicléara Mánas' a scríobhadh i gceantar an Chlocháin sa naoú haois déag. Scríobhadh an scéal i nGaeilge, ach is litriú an Bhéarla a bhí air. Páirteach sa chlár, tá Nancy Stenson, Pádhraic Ó Ciardha, Máire Féirtéir, Joe Steve Ó Neachtain agus Aisteoirí Chorr na Móna. Léiriú: Micheál Ó Gionnáin. Léireofar an clár seo le cúnamh airgeadais ón gciste craolacháin 'Fuaim agus Fís'.

____________________________________________________

Friday 12 March Iris Aniar 9.08 a.m.
Seachtain na Gaeilge is in full swing and Iris Aniar today will be broadcast live from Lohans in Salthill, a business that has won several prizes for the use of Irish in its business. Today, Lohans will be brim-full of musicians and fun-loving Galwegians who are celebrating Seachtain na Gaeilge. Presented by Eibhlín Ní Chonghaile.

Saturday 13 March Ar an gCoigríoch 10 a.m.
Ar an gCoigríoch
is a new series about foreigners who have made Ireland their home and have become involved in the Irish language and culture. Today, Australian Ariel Killick shares her views on Ireland. Ariel is a visual and street artist from Sydney who has been living in Ireland for the last ten years.

Tuesday 16 March Rónán Beo @ 3 3 p.m.
Today, Rónán Beo @ 3 will be broadcast live from the Odeon Bar in Harcourt St, Dublin, where the Cabaret Craiceáilte music night can be heard later tonight as part of the events of Seachtain na Gaeilge 2010. Musicians taking part in the Cabaret include Belfast reggae band Bréag, singer songwriter Enda Reilly, rock band Henrietta Game, folk and blues singer Bríd Ní Icí, traditional musicians Fidil, and traditional singers Máire Ní Choilm and Doimnic Mac Giolla Bhríde. Several of the musicians will be speaking to Rónán on the programme today.

St. Patrick's Day 17 March

Barrscéalta 11.02 a.m.
A special package on marching bands and music groups in Donegal - Cloghaneely Marching Band, Dore Band, Mullaghduff Marching Band and An Crann Óg. They will also be speaking to Donegal people all over the world on St. Patrick's Day where they are.

An Saol ó Dheas 12.08 p.m.
An Saol ó Dheas
will be broadcast live from O' Flaherty's Pub in Dingle, the home of traditional music in the town, where music and fun will be the order of the day for the greenest day of the year, St. Patrick's Day.

Spórt Lá le Pádraig 1.30 p.m.
Today, the club finals take place in Croke Park, and the matches can be heard live on RnaG. Hurling comes first at 2 p.m. with Portumna v Ballyhale Shamrocks, and football at 3.45 pm with Kilmurry Ibrickane v St Galls.


Drochpháipéar agus Peann Luaidhe 5.04 p.m.
A documentary about the unusual literary work 'An Haicléara Mánas', which was written in the Clifden area in the 19th century. The text was written in quasi phonetic orthography in Irish but based on English spelling, and was later edited by Nancy Stenson and published. Programme participants include Nancy Stenson, Pádhraic Ó Ciardha, Máire Féirtéir, Joe Steve Ó Neachtain and the Corr na Móna Acting group, Aisteoirí Chorr na Móna. Produced with the assistance of the BCI Sound and Vision scheme. Produer: Micheál Ó Gionnáin.



  • NOW: Spleodar an tSathairn
  • NEXT: Príomhscéalta na Nuachta agus na Gaeltachta

Déan nasc le RnaG

Follow RTÉ RnaG on Twitter Find us on Facebook

ATT Vol 4

Anocht FM