RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Seachtain Mhór Cheoil RTÉ 2010

Dé Máirt 12 D.Fómhair / Tues 12 Oct 7.00 pm

Cairde an Riadaigh
Éist leis an gclár anseo/Listen here

Seo an chéad chlár a bheidh á chraoladh mar chuid de sheachtain mhór cheoil RTÉ. Tháinig Ceoltóirí Chualann ar ais le chéile i mbliana ar bhonn eisceachtúil le hairgead a bhailiú le n-íoc as dealbh Sheáin Uí Riada i gCúil Aodha. Ba i gCorcaigh a bhí an chéad cheolchoirm acu, agus ansin chas siad ar stáitsí i mBaile Átha Cliath agus in Inis, sular fhill siad ar Chill Airne i mí Lúnasa don oíche dheireanach sa tsraith speisialta imeachtaí seo agus is é an cheolchoirm dheireanach seo a bheidh le cloisteáil tráthnóna. Ba é Peadar Ó Riada a bhí ar an stiúir, agus bhí Cóir Chúil Aodha páirteach sna coirmeacha chomh maith. Ba iad na ceoltóirí a bhí ar stáitse Peadar Ó Riada, Seán Ó Sé, Éamon de Buitléar, Seán Potts, Michael Tubridy, Ronnie McShane, Seán Keane, Kevin Glackin, Mick O'Brien, Éamonn McGivney, John Kelly Óg agus Mel Mercier.

This is the first programme to be broadcast as part of the RTÉ Big Music Week, and it features some exceptional traditional musicians. Earlier this year Ceoltóirí Chualann reformed to play four concerts to raise money for a statue of their founder Seán Ó Riada which has been erected in Cúil Aodha in the Cork Gaeltacht. The first concert was held in Cork, and this was followed by concerts in Dublin and Ennis, before finishing with a gig in Killarney in August. Tonight, listeners can hear the Killarney concert. The members of Ceoltóirí Chualann who featured are Peadar Ó Riada, Seán Ó Sé, Éamonn de Buitléar, Seán Potts, Michael Tubridy, Ronnie McShane, Seán Keane, Kevin Glackin, Mick O'Brien, Éamonn McGivney, John Kelly Óg and Mel Mercier. The concert also featured Cóir Chúil Aodha.

Dé Céadaoin 13 D.Fómhair / Wed 13 Oct 7.00 pm
Cóir Ghaeltachta sa Cheoláras Náisiúnta

Éist leis an gclár / Listen here
Ar Lá le Pádraig i mbliana bhí ceiliúradh ar bun i gCeoláras Náisiúnta na hÉireann ar thraidisiún amhránaíochta na tíre. Dhá chór Ghaeltachta a bhí ar stáitse ar an lá sin, Cór Thaobh a Leithid as Tír Chonaill, agus Cór Chúil Aodha as Corcaigh, chomh maith leis na hamhránaithe aonair Róisín Elsafty agus Eithne Ní Chatháin. Ba é an ceoltóir iomráiteach Dónal Lunny a bhí ina fhear an tí. Craolfar an cheolchoirm sin tráthnóna mar chuid de Sheachtain Mhór Cheoil RTÉ.

As part of the St Patrick's Day Festival this year A Celebration of Irish Voices took place in the National Concert Hall in Dublin. The concert featured two Gaeltacht choirs, Cór Thaobh a Leithid from Donegal and Cór Chúil Aodha from Cork, as well as solo artists Róisín Elsafty and Eithne Ní Chatháin. Renowned musician Dónal Lunny curated the night and also participated in the concert. This concert is being broadcast as part of RTÉ's Big Music Week.


Déardaoin 14 D.Fómhair / Thurs 14 Oct 9.00 pm
An Caifé Ceoil

Éist leis an gclár/Listen here
Anocht beidh An Caifé Ceoil ag teacht chugaibh beo ó Kelly's i gcroílár Chathair na dTreabh áit a mbeidh Mick Flannery, Ger Wolfe agus A Band Called Wanda ar stáitse d'oíche speisialta cheoil atá á heagrú mar chuid de Sheachtain Mhór Cheoil RTÉ. As an Bhlárna i gCo. Chorcaí do Mick Flannery, amhránaí óg a bhfuil a cháil ag dul i méid go tréan le roinnt blianta anuas. Scríobhann sé a chuid amhrán féin uilig, agus casann sé ar an ngiotár agus ar an bpianó. Is é White Lies an t-albam is déanaí aige. As Corcaigh chomh maith do Ger Wolfe, amhránaí agus ceoltóir a bhfuil an-mheas air i measc lucht an cheoil tíre traidisiúnta. Tá cúig albam eisithe aige go dtí seo, agus bhí No Bird Sang ar an gceann deireanach. Grúpa de bhunadh na Gaillimhe iad A Band Called Wanda, agus is iad Maidhc Ó hÉanaigh, Derek Naughton, Brendan Dolan agus Darren Concannon na baill. Ba i 2004 a tháinig siad le chéile agus deir siad go bhfuil idir rac agus ceol tíre le braistint ina gcuid ceoil. Tá aithne mhaith orthu i gcathair na Gaillimhe.

Tonight, An Caifé Ceoil will be broadcast live from Kelly's in Galway where a special gig takes place as part of RTÉ's Big Music Week. The lineup for the night features Mick Flannery, Ger Wolfe and A Band Called Wanda. Mick Flannery is a young up and coming singer-songwriter whose star is certainly on the rise for the last number of years. White Lies is his latest album. Ger Wolfe has been around for a while longer, a much-admired folk singer from Cork who released his fifth album No Bird Sang last year. A Band Called Wanda is a Galway-based group featuring musicians Maidhc Ó hÉanaigh, Derek Naughton, Brendan Dolan and Darren Concannon. The band was formed in 2004 and the describe their music as folk 'n' roll. They are a very well-known band on the Galway circuit.


Dé hAoine 15 D.Fómhair / Fri 15 Oct 9.00 pm
Cló Iar-Chonnacht - Ceiliúradh 25 Bliain

Éist leis an gclár/Listen to the programme
Anocht, craolfar ceolchoirm a reáchtáil an comhlacht foilsitheoireachta leabhar agus ceoil, Cló Iar-Chonnacht, dá gceiliúradh ceathrú céid mar chuid d'Fhéile Ealaíon na Gaillimhe i mbliana. Páirteach ann agus le cloisteáil anocht ar an gclár beidh, Marcus Ó Murchú - fear an tí, Ben Lennon, Tony O'Connell agus Brian McGrath, Conal agus Oisín Ó hIarnáin, Cyril O'Donoghue, Brian Hughes, Nan Tom Taimín de Búrca, Mick, Michelle agus Louise Mulcahy, na damhsóirí Gearóid agus Pádraig Ó Dubháin, John Carty agus Brian McGrath, John Faulkner, John Wynne, John McEvoy agus Jacinta McEvoy, Johnny Connolly agus Johnny Óg Connolly.

Tonight, Raidió na Gaeltachta will broadcast a concert recorded in the summer of this year at the Galway Arts Festival. The concert featured artists recorded on the Cló Iar-Chonnacht music label which is celebrating a quarter century in business this year. The concert featured some of the cream of Irish music, including Marcus Ó Murchú - fear an tí, Ben Lennon, Tony O'Connell and Brian McGrath, Conal and Oisín Ó hIarnáin, Cyril O'Donoghue, Brian Hughes, Nan Tom Taimín de Búrca, Mick, Michelle and Louise Mulcahy, dancers Gearóid and Pádraig Ó Dubháin, John Carty and Brian McGrath, John Faulkner, John Wynne, John McEvoy and Jacinta McEvoy, Johnny Connolly and Johnny Óg Connolly.


Dé Sathairn 16 D.Fómhair / Sat 16 Oct 9.00 pm
An Cabaret Craiceáilte

Éist leis an gclár/Listen to the programme
Anocht beidh An Cabaret Craiceáilte á chraoladh beo ó Tigh Hiúdaí Beag i nGaoth Dobhair den chéad uair. Ar stáitse beidh an t-amhránaí sean-nóis Síle Ní Scanláin, an grúpa Na Iconics, an t-amhránaí traidisiúnta agus gormacha Bríd Ní Icí, Banna Tí an Chabaret agus tuilleadh nach iad. An-oíche go deo atá geallta, agus Rónán Mac Aodha Bhuí a bheidh ina fhear an tí.

Tonight Rónán Mac Aodha Bhuí's monthly music night An Cabaret Craiceáilte will be broadcast live from Tigh Hiúdaí Beag in Gaoth Dobhair for the first time. The night was set up to give musicians working through Irish a platform, and to provide a social night out in Irish. Tonight, guests on stage will include young sean-nós singer Síle Ní Scanláin, up and coming Gaoth Dobhair band Na Iconics, blues and traditional singer Bríd Ní Icí, and the Cabaret Craiceáilte's house band. Great music guaranteed, and Rónán Mac Aodha Bhuí will MC the night.

Féach an sceideal iomlán do Sheachtain Mhór Cheoil RTÉ 2010 anseo
See full listing for RTÉ Big Music Week 2010 here