RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Scónaí Tae Milse Tapaidh
Comhábhair
225g/8 n-unsa plúr bán aeraithe (self-raising)
Pinse beag salainn
50g/2 unsa ime nó margairín, nó 2 spúnóg bhoird ola
50g/2 unsa siúcra mín
1 ubh buailte
3-4 spúnóg bhoird bainne
Modh
1. Measc an plúr agus salann i mbabhla.
2. Cuimil isteach an t-im nó margairín le barr na méara.
3. Cuir isteach an siúcra, measc go maith.
4. Doirt isteach an ubh buailte agus dóthain bainne chun taos deas a dhéanamh.
5. Iompaigh amach ar chlár plúraithe, fuin go héadrom agus gearr i gciorcail bheaga.
6. Cuir ar stáin bácála gréisithe agus bácáil ar feadh thart ar 12-15 nóiméad ag teas 200C/400F/Gás 6.
Ith le h-im, uachtar coipthe agus subh sú craobh.
N.B. Má úsáidtear gnáthphlúr, úsáid 1 taespúnóg púdar bácála isteach leis an bplúr ag an tús.
Cuimil bainne nó ubh buailte ar bharr na scónaí chun dath deas órga a chur orthu.
- NOW: Scoth na hAoine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






