RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Scoil Samhraidh Willie Clancy 2009

Éist leis na cláracha - listen to the programmes:
Dé Luain/Monday
Dé Máirt/Tuesday
Dé Céadaoin/Wednesday
Déardaoin/Thursday
Dé hAoine/Friday


Bíonn lucht an cheoil thraidisiúnta ó ar fud an domhain ag tabhairt a n-aghaidh ar iarthar an Chláir an chéad sheachtain de mhí Iúil do Scoil Samhraidh Willie Clancy agus bíonn RTÉ Raidió na Gaeltachta ansin i lár an aonaigh agus iad ag craoladh ón Ródaí taobh amuigh de Halla an Phobail.

Cuireadh tús le Scoil Samhraidh Willie Clancy i 1973, agus bhí RTÉ Raidió na Gaeltachta i láthair ag an bhféile gach bliain ó shin i leith. Is iomaí cuimhne cinn atá ag Meaití Jó Shéamuis, Eagraí Ceoil na seirbhíse, ar an gcraoladh ón bhféile thar na mblianta. Ní raibh aon chraoltaí beo ón bhféile i dtús ama, ba thaifeadtaí a bhí i gceist, ach ansin sna hochtóidí thosaigh na craoltaí beo. Is cuimhin le Meaití cláracha a bheith á gcraoladh as scoil sé mhíle taobh amuigh de Shráid na Cathrach mar gurbh é sin an áit ba airde sa dúiche, an-tábhachtach don chomhartha raidió dar ndóigh!

Is iad Seán Bán Breathnach, Áine Hensey, Meaití Jó Shéamuis agus criú teichniúil RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí i láthair ann i 2009. Bhí cuairteoirí, ceoltóirí agus lucht eagraithe na scoile istigh ar SBB i Sráid na Cathrach a craoladh beo ó 2 - 4 i.n. Luan-hAoine agus bhí na cluasa bioraithe ag Meaití Jó Shéamuis ag seisiúin agus coirmeacha ceoil i gcaitheamh na seachtaine agus é ag bailiú an cheoil is fearr do Lán a'Mhála a craoladh Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin ag 7.00 i.n.


Traditional music fans from all over the world make their way to Miltown Malbay in west Clare in the first week of July every year for the Willie Clancy Summer School, and RTÉ Raidió na Gaeltachta broadcasts live from the festival all week each year.

The first Willie Clancy Summer School took place in 1973 and RTÉ Raidió na Gaeltachta has been there every year to capture and broadcast some of the many wonderful musical moments of the week. In 2009 Seán Bán Breathnach presented the afternoon radio programme SBB i Sráid na Cathrach from the ródaí from 2-4 p.m. Monday - Friday, and Meaití Jó Shéamuis presented Lán a'Mhála from there at 7 p.m. on Tuesday, Wednesday and Thursday evening.