Scléip

Dé Sathairn / Sat 11:00 - 12:00

Scléip Programmes 08/06/2013 00:00:00

Éist anois

Scléip

Buaicphointí an chomórtais Scléip, comórtas tallainne bliantúil, d'iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge.

Tá an tsraith seo thart anois.
This series is now finished.


Sraith nua dírithe ar an gcomórtas tallainne ‘Scléip’ a reáchtálann Gaelscoileanna gach bliain. Clár faisnéise i gcúig pháirt is ea Scléip, a thabharfaidh léargas dúinn ar an díograis, na néaróga, an tallann, agus na buaiteoirí i gcomórtas 2013.

Cloisfimid faoin ullmhúchán uilig a théann isteach sa chomórtas, casfaidh muid leis na hiomaitheoirí agus lena gcuid múinteoirí, leis na stiúrthóirí agus na moltóirí, agus beidh deis againn ar shleachta den chleachtadh, agus míreanna ar an stáitse sna babhtaí agus sa chraobh.

Seo é an seachtú bliain a bhfuil Scléip á reáchtáil, agus is cinnte go bhfuil ardchaighdeán tallainne le feiceáil ann. Ghlac thart ar 500 dalta ó 21 scoil páirt ann anuraidh.

Léiríodh an tsraith seo le maoiniú ón gciste Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann.
 

A new five programme series focused on the annual talent contest Scléip, organised by Gaelscoileanna. Last year, about 500 students took part in the competition. In this series we will hear the passion, the nerves, the talent and the winners of Scléip 2013. 

Produced with funding from the BAI’s Sound and Vision scheme.
 

Na Cláracha / The Programmes:

8/6/2013 Réamhbhabhta 1 san Axis i mBaile Munna.

15/6/2013 Réamhbhabhta 2 sa Firkin Crane i gCorcaigh.

22/6/2013 Réamhbhabhta 3 sa Riverank Theatre sa Droichead Nua i gCill Dara.

29/6/2013 Réamhbhabhta 4 ó Chultúrlann uí Chanáin i nDoire.

3/7/2013 An Babhta Ceannais ó Amharclann an Axis i mBaile Átha Cliath

Damhsóirí ag Scléip

Damhsóirí ar stáitse ag Scléip 

Ag réiteach le dhul ar stáitse

 Ag réiteach taobh thiar den stáitse

Fiachna Ó Braonáin i mbun agallaimh

Fiachna Ó Braonáin i mbun agallaimh

Scléip

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithriú + Léiriú /  Presented + Produced: Fiachna Ó Braonáin

Sceideal Féach sceideal