RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Sceideal an tSamhraidh

Tá tús curtha le sceideal an tsamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus deireadh tagtha le roinnt cláracha go dtí an fhómhair, agus tús curtha le sraitheanna nua.

Ar na cláracha nua ceoil a bheidh againn, beidh Binneas Béil, Úrnua ón gCeoláras, Ag Damhsa sa gCampa, Éist leis an gCeol, Cuisle Ceoil, Ruathar Ceoil, Na Bailéid, Údar an Amhráin. Ar na cláracha nua cainte a bheidh ann beidh Mar a Chaithimse an Domhnach, An Samhradh Thoir, Bhí sin Ráite, Seal Cainte, Cosán na mBlianta agus An tSeachtain Seo. Beidh an clár spóirt Reacaireacht an Tráthnóna le cloisteáil Dé Sathairn.

Beidh foirne nua ag obair ar Iris Aniar, ar Bharrscéalta agus ar An Saol ó Dheas.

Cuirfear tús le sceideal an fhómhair ar 6 Meán Fómhair.

The summer schedule has started on RTÉ Raidió na Gaeltachta, bringing several new programmes. There are links above to the new programmes in the schedule.

The autumn schedule will kick off on 6 September.