RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Sceideal an Fhómhair

Cuirfear tús le sceideal an fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain 5 Meán Fómhair agus beidh éisteoirí ag súil go mór le filleadh na gcláracha is ansa leo, ar nós Ardtráthnóna agus Rónán Beo @3.

Beidh Máirtín Tom Sheáinín ar ais le comhrá agus scéalta ó mhuintir an iarthair ar Ardtráthnóna, agus beidh a chomrádaí craiceáilte Rónán Mac Aodha Bhuí le cloisteáil ina dhiaidh ó Mháirt go hAoine ag 3pm le séasúr eile de Rónán Beo. Ar maidin, is iad na mná a bheidh ar an stiúir ar chláracha irise na seirbhíse - Eibhlín Ní Chonghaile ar Iris Aniar, Áine Ní Churráin ar Bharrscéalta agus Helen Ní Shé ar An Saol ó Dheas. Is é Cormac Ó hEadhra a bheidh le cloisteáil ar Ghlór Anoir 5pm Luan go hAoine.

Ó thaobh cúrsaí nuachta de, beidh Adhmhaidin, atá ag ceiliúradh 25 bliain ar an aer, le cloisteáil ag 8.00 am ó Luan go hAoine le Gearóid Mac Donncha, agus is í Máirín Ní Ghadhra a bheidh sa chathaoir don chlár Nuacht a hAon. Chuaigh Eagraí Polaitíochta nua na seirbhíse, Beirní Ní Chuinn, i mbun dualgas ag tús an tsamhraidh, agus coinneoidh sí eolas le héisteoirí maidir le gach cor sa bhóthar corrach go hÁras an Uachtarán, agus aon ní eile a thiteann amach i gcúrsaí polaitíochta na tíre.

Ó thaobh an cheiol de, beidh dhá eagrán den chlár Ceol Binn ó na Beanna le cloisteáil Dé Máirt agus Dé Céadaoin 7pm sa sceideal nua. Beidh sraith nua de Shruth na Maoile, an chuid is fear de cheol na hAlban agus na hÉireann, le cloisteáil tráthnóna Déardaoin ó Mheán Fómhair, agus beidh Timpeall an Tí le Tomás Mistéal le cloisteáil tráthnóna Dé Sathairn. Don dara bhliain as a chéile beidh comórtas ceoil á reáchtáil ag Peadar Ó Riada ar a chlár Cuireadh chun Ceoil tráthnóna Dé hAoine.

Ar ANOCHT fm beidh Tequila Tíre, An Caifé Ceoil agus An Taobh Tuathail le cloisteáil i rith na seachtaine, agus An Ghealach Ghorm, Cúirt an Mheán Oíche agus Duan Domhnaigh le cloisteáil oícheanta an deireadh seachtaine.

Tá súil againn go mbainfidh éisteoirí taitneamh as cláracha i sceideal an fhómhair 2011.

RTÉ Raidió na Gaeltachta's new autumn schedule kicks off on Monday 5 Sept, with the return of some of the listeners favourite presenters to the air after the summer months.

Máirtín Tom Sheáinín will be back in his throne as Rí Ardtráthnóna Mon-Thurs 2pm, and will be followed by Rónán Beo @3 Tues-Fri.

The morning magazine programmes will be headed up by Eibhlín Ní Chonghaile on Iris Aniar, Áine Ní Churráin on Barrscéalta and Helen Ní Shé on An Saol ó Dheas. Cormac Ó hEadhra will present Glór Anoir at 5pm weekday evenings.

The award-winning news service will continue, with Gearóid Mac Donncha presenting Ardtráthnóna, and Máirín Ní Ghadhra presenting Nuacht a hAon. Newly appointed Political Editor Beirní Ní Chuinn will keep listeners abreast of political developments.

Trad music fans will look forward to two editions of Ceol Binn ó na Beanna with Neansaí Ní Choisdealbha on Tuesdays and Wednesdays 7pm, and a new series of Sruth na Maoile on Thursday evenings. Tomás Mistéal's ever-popular Timpeall an Tí will broadcast no Satuday evenings, and musicians should keep an eye out for this year's competition on Peadar Ó Riada's Cuireadh chun Ceoil.

ANOCHT fm continues with Tequila Tíre, An Caifé Ceoil and An Taobh Tuathail weekday nights. Weekends will be manned by Áine Hensey with An Ghealach Ghorm and Duan Domhnaigh, and Cian Ó Cíobháin on Cúirt an Mheán Oíche on Saturdays.

We hope that listeners will enjoy the new schedule.