Scéalta na nDaoine

Scéalta na nDaoine

16:30 - 17:00 Dé Céadaoin / Wed

Scéalta na nDaoine Céadaoin 30 Lúnasa 2017

Sa tsraith seo le Donncha Mac Con Iomaire cloisfimid scéalta a bhfuil lorg láidir fágtha acu ar shaol na ndaoine sa phobal.  Beidh scéalta maithe agus drochscéalta le cloisteáil againn, cuid atá gealgháireach agus roinnt acu atá goilliúnach. 

Donncha Mac Con Iomaire presents this series featuring a wide range of personal stories that have greatly affected members of the community. 

Clár 1
Deonú Orgáin
Labhrann beirt le Donncha faoi mar a d’athraigh an saol dóibh mar gheall air seo.

Clár 2
Hoiméapaite
Teresa Mhic Dhonncha ag cur síos ar an seirbhís hoiméapaite a chuireann sí ar fáil do  phobal Chonamara Theas.

Clár 3
Ar an mbóthar
Caitheann Donncha an lá ar chamchuairt Chonamara le tiománaí leoraí clocha.

Clár 4
Pub an Phobail
An t-athrú mór atá tagtha ar shaol na dtithe ósta le deich mbliana anuas.

Clár 5
Deaide sa mBaile
Tá níos mó fir ná ariamh sa mbaile ag tabhairt aire do na gasúir anois, le cois 18,000 san daonáireamh deireadh.

Clár 6
Slí an Stáitse
An t-aisteoir Bríd Ní Neachtain, as Glinn Chatha i Roc Muc ó dhúchas, ag cur síos ar a saol aisteoireachta.

Clár 7
Tionsclaíocht Tachtaithe
Na heastáit tionsclaíochta sna Gaeltachtaí, mar a bhí agus mar atá.

Clár 8
Siopa an Phobail
Na hathruithe móra atá feicthe ag an siopa beag pobail le scór bliain anuas

Clár 9
Bád Tarrthála Oileáin Árann
Tá an bád ag sábháil bhádóirí ar an teiscinn mhór, agus ag tabhairt easláin na dtrí oileán chuig an mór-thír le 175 bliain. 

Clár 10
Paddy Joe go Deo
Paddy Joe Ó hÉidhin, a bhí ar an ngearrliosta do na hoibrithe deonacha is fearr sa tír ag na Gradaim 'Oibrí Deonacha na hÉireann' le déanaí.

Clár 11
Taom Taibhsí
Ba mhór an chuid iad na taibhsí i gcultúr na hÉireann leathchéad bliain ó shin, agus fós maireann a gcáil agus an fhaitíos rompu. 


Clár 12
An Bailitheoir
Clár faoi John Tess Ó Conghaile, a bhíonn ag bóithreoireacht agus ag spaisteoireacht ar thóir nithe a bhaineann le earraí míleata stairiúla.

Clár 13       
An Cheardlann
Scéal Cheardlann an Spidéil, a bhunaigh dealbhóir ón Spáinn, Jesús Modia, i 1984. 

Clár 13 
Muilte Gaoithe 
Téann Donncha chun cainte leo siúd atá ag cónaí toabh le muilte gaoithe agus cé chomh maith nó chomh holc is atá na muilte móra seo sa gcomharsanacht.

Clár 15
Saol ar Sáile

Tá níos mó fir óga ó Chonamara Theas ag obair ar muir ná ó aon cheantar eile in Éirinn, téann Donncha chun cainte le cuid acu.  

Clár 16
Beoir Baile
Faigheann Donncha amach faoin athrú atá tagtha ar dhéantúsaíochta na beorach le deich mbliana anuas go speisialta.

Clár 17
Neamh-Caitilicí ar Scoil   
Labhrann Donncha le tuismitheoirí faoi na deacrachtaí a bhaineann le scaradh an Chaitiliceachais óna gcreideamh féin i gceantar nach bhfuil aon scoil tuata chun freastal a dhéanamh orthu.

Clár 18
An Comhairleoir Contae
Cén obair go díreach a dhéanann Comhairleoirí Contae na Gaillimhe? Céard iad na freagrachtaí atá orthu? 


Clár 19 
Garraí Glas
Tá an garraí glasraí is slachtmhaire in Éirinn ag Aonghus Eoin Ó Coistealbha i gceantar Chois Fharraige i gConamara, agus téann Donncha chun cainte leis inniu faoin ngnó eiticiúil glasraí atá 
forbartha aige.

Clár 20
Rogha de na míreanna is fearr 

Scéalta na nDaoine

Scéalta na ndaoine á chur i láthair ag Donncha Mac Con Iomaire. Ar an gclár inniu, labhróidh Donncha le John Tess Ó Conghaile a bhíonn ag bailiú earraí stairiúla míleata.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

rnag@rte.ie 

+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú + Léiriú / Presented + Produced by: Donncha Mac Con Iomaire 

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís