RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Scéala Éireann

Tomás Mac Con Iomaire
Tomás Mac Con Iomaire
Gearóid Ó Tuathaigh
Gearóid Ó Tuathaigh

Dé Sathairn
9.45 r.n.
Láithreoir: Gearóid Ó Tuathaigh
Léiritheoir: Tomás Mac Con Iomaire

Podchraoladh/Podcasts

Éist leis an gclár is déanaí

12 nóiméad atá i ngach clár sa tsraith staire seo a dhéanann cur síos ar mhór-eachtraí i stair na tíre. Cuirfidh staraithe gairmiúla na cláracha i láthair agus iad ag déanamh cur síos ar 1600 bliain de stair na hÉireann, ó theacht na Críostaíochta go dtí ré an tíogair cheiltigh. Is é Tomás Mac Con Iomaire, iar-Cheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, léiritheoir na sraithe, agus is é an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh an comhordnóir agus an comhairleoir scripte. Beidh An tOllamh Dáibhí Ó Cróinín, An Dr. Nollaig Ó Muraíle, An Dr. Niall Ó Cíosáin agus An Dr. Máire Harris ar chuid de na staraithe eile a bheidh le cloisteáil sa tsraith.

A series of 12 minute history programmes presenting the milestones in Irish history in chronological order, giving the average listener an overview of the history of the country from the arrival of Christianity until the present day.

Na Cláracha

1 Lúnasa
An Tíogar Ceilteach agus Éire sa domhan nua ag tús an 21ú aois: dúshláin.

25 Iúil
'Na Trioblóidí' ó thuaidh: cogadh agus réiteach?

18 Iúil
Éire agus an Comhphobal Eorpach

11 Iúil
Thuas seal, thíos seal: an eacnamaíocht agus an saol sóisialta in Éirinn, anuas go dtí c.1970 (leictriú na tuaithe san áireamh)

4 Iúil
An ré iar-chogaidh - Éire i measc na náisiún- na Náisiúin Aontaithe agus ról idirnáisiúnta

27 Meitheamh
An Dara Cogadh Mór agus an dá Stát in Éirinn: Thuaidh is Theas

20 Meitheamh
De Valera: a aisling, a Bhunreacht agus a thionchar

13 Meitheamh
Éirí Amach 1916: cúlra agus torthaí: cogadh agus Críchdheighilt

6 Meitheamh
Parnell agus Home Rule, agus an náisiúnachas cultúrtha in Éirinn (GAA, Conradh na Gaeilge, Yeats agus a chiorcal) in Éirinn go 1914.

30 Bealtaine
An tAthrú Teanga in Éirinn : oideachas, creideamh agus imirce

23 Bealtaine
Ceist na Talún agus Cogadh na Talún in Éirinn c.1870-1924

16 Bealtaine
Gluaiseachtaí Náisiúnacha polaitíochta agus cultúrtha: Éire Óg, Finíní, Gaeil i gcéin.

9 Bealtaine
Béal Feirste cois Cuain: fás agus forbairt mhór-chathair thionsclaíochta an oirthuaiscirt, agus bláthú an Aondachtachtais san 19ú agus sa 20ú céad.

2 Bealtaine
Go Meiriceá siar: rabharta na h-eisimirce ó Éirinn san 19ú céad

25 Aibreán
Na Prátaí Dubha agus an Gorta

18 Aibreán
Dónal Ó Conaill agus Fuascailt na gCaitliceach

11 Aibreán
Saoirse nó Daoirse? 1798 agus Acht na hAondacht.

4 Aibreán
Parlaimint Ghrattan agus an Náisiúnachas Protastúnach.

28 Márta
Éire, Éireannaigh agus an caidreamh leis an Eoraip (16ú-18ú céad): saighdiúir, sagairt, trádálaithe (coláistí, fuil, fíon agus branda!).

21 Márta
'Gaeil bhocht chloíte': concas agus cóilíniú na hÉireann agus turnamh an chórais Ghaelaigh.

14 Márta
An Reifirméisean

7 Márta
Meán-Aois : caidreamh & coimhlint: 'The Pale' .

28 Feabhra
Diarmuid na nGall agus Teacht na Normannach, leis an Ollamh Dáibhí Ó Cróinín.

21 Feabhra
Fogha agus forbairt: Na Lochlannaigh agus fás na mbailtí móra in Éirinn, leis an Ollamh Dáibhí Ó Cróinín.

14 Feabhra
Oileán na Naomh & na nOllamh: Léann agus Naofacht, seoda agus siombail, leis an Ollamh Dáibhí Ó Cróinín.

7 Feabhra
Naomh Pádraig agus Teacht na Críostaíochta go hÉirinn, leis an Ollamh Dáibhí Ó Cróinín.