RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Sailéad de Mhaicreál Deataithe agus Prátaí

Comhábhair
450g/1 phunt prátaí úr-bhruite, te, gearrtha ina gciúbanna beaga
60ml/ 4 spúnóg bhoird de sú úll
30ml/2 spúnóg d'fhínéagar bán fíona
30ml/ 2 spúnóg d'anlann raidis fhiáin (horse radish sauce)
450g/1 phunt de mhaicréal deataithe sciollta
1 úll dearg gearrtha i gciúbanna
Leath chúcamar gearrtha i gciúbanna
60ml/4 spúnóg bhoird d'iógart nádúrtha
Beagán leitíse
Piobar agus Salann

Modh
1. Measc le chéile an sú úll, finéagar, raidís fhiáin, salann agus piobar.
2. Measc leis seo na ciúbanna prátaí te agus fág an meascán seo sa mbabhla le fuarú.
3. Cuir an maicréal sciollta, na píosaí úll agus cúcamar i mbabhla eile agus measc an iógart leis seo.
4. Díreach roimh cur chun boird measc na comhábhair go léir le chéile agus cuir ar leaba leitíse iad.

Nóta: Seo lón folláin blasta i gcóir deireadh seachtaine.