RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

RnaG Stáisiún na Bliana + Rónán Pearsa Raidió na Bliana

Tá an gradam do stáisiún raidió na bliana buaite ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Féile na Meán Ceilteach. Fógraíodh an buaiteoir oíche Dé hAoine ag an bhféile i Steòrnabhagh ar Oileán Leodhais in Albain. Bhuaigh an stáisiún an gradam seo go deireanach sa bhliain 2009. Fógraíodh níos luaithe Dé hAoine gurb é Rónán Mac Aodha Bhuí Pearsa Raidió na Bliana.

Ceithre stáisiún a bhí ainmnithe ar an ngearrliosta don duais - BBC Radio Cymru, BBC Radio Wales, BBC Radio nan Gàidheal agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, a thug leo an gradam. Ba í Ceannaire an stáisiúin, Edel Ní Chuireáin, a ghlac leis an ngradam, agus dúirt sí gur chúis mhór bróid don stáisiún an duais seo, agus an t-aitheantas ar dhea-obair na foirne seacht lá na seachtaine.

Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta Edel Ní Chuireáin leis an duais do Stáisiún Raidió na Bliana

Rónán Mac Aodha Bhuí lena dhuais do Phearsa Raidió na Bliana

Is as Cois Cláidí i nGaoth Dobhair do Rónán Mac Aodha Bhuí agus cuireann sé an clár Rónán Beo @ 3 i láthair ó stiúideo Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga ó Mháirt go hAoine. Ní raibh teilifís ar bith acu sa teach agus Rónán ina ghasúr beag, agus mar sin bhí suim aige sa raidió ariamh, deir sé gur spreag sé a shamhlaíocht. Bhuaigh sé an gradam do Phearsa Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais le dhá bhliain anuas, agus bhuaigh Rónán Beo @3 an duais don chlár raidió is fearr anuraidh.

Mixture maxture a bhíonn le cloisteáil ar Rónán Beo @ 3, mar a deir sé féin, idir throm agus éadrom - ceol, siamsaíocht, agallaimh, cúrsaí sláinte, cócaireacht, scéalta nuachta, agus Mary Aggie, dár ndóigh.

Cúpla pic de Rónán i mbun a cheirde anseo

Féach leathanach idirlín an chláir

RTÉ Raidió na Gaeltachta has been named radio station of the year at the Celtic Media Festival. The winner was announced at the festival in Stornoway on the Isle of Lewis in Scotland on Friday night, and the award was accepted by Ceannaire of RTÉ Raidió na Gaeltachta Edel Ní Chuireáin. The station also won this award in 2009. Earlier on Friday Rónán Mac Aodha Bhuí has been named Radio Presenter of the Year

There were four stations shortlisted for the prize - BBC Radio Cymru, BBC Radio Wales, BBC Radio nan Gàidheal and RTÉ Raidió na Gaeltachta, who were the winners on the night. Accepting the award, Edel Ní Chuireáin said that it was a source of great pride for the service, and recognition of the dedication and hard work of the staff.

Rónán is from Cois Cláidí in Gaoth Dobhair in Donegal and presents the hugely-popular show Rónán Beo @ 3. There was no TV in the house when he was growing up, and he has always been captivated by radio, which, he says, nourished his imagination. He was named Radio Personality of the Year at the Oireachtas Media Awards for the last 2 years running, and the Rónán Beo @3 programme also won best radio programme last year.

Rónán Beo @ 3 is a 2 hour talk show presented by Rónán Tues-Fri on RnaG, is a mixture of everything from news stories to health, events, live music, with a bit of madness and fun thrown in.

See programme webpage