RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Rónán Beo @3 as Glaschú

Beidh Rónán Beo @3 ag teacht beo ón bhféile Celtic Connections i nGlaschú Déardaoin 26 agus Dé hAoine 27 Eanáir. Féile bhliantúil í seo a dhéanann ceiliúradh ar na nascanna atá idir ceol na gCeilteach agus cineálacha eile ceoil. Beidh féile 2012 ar siúl ó 19 Eanáir go 5 Feabhra, agus beidh céilithe, coirmeacha ceoil, léachtaí, taispeántais agus ceardlanna ar an gclár imeachtaí. Ar na ceoltóirí a bheidh le cloisteáil ar na cláracha beidh Guidewires, Nuala Kennedy, Sultans of String, Solo Cissoko agus Fidil agus Fribo.
Beidh Rónán i mbun cainte le lucht eagraithe agus le ceoltóirí faoi fhéile 2012, agus beidh ceol beo den scoth le cloisteáil againn.

Déardaoin 26, Dé hAoine 27 Eanáir 3.00 pm

Thurs 26 and Friday 27 Jan Rónán Beo @3 will be coming live from the Celtic Connections festival in Glasgow which runs from 19 January - 5 February. There will be over 2100 musicians taking part in the festival this year, and those appearing on the programmes will include Guidewires, Nuala Kennedy, Sultans of String, Solo Cissoko and Fidil, and Fribo.
Rónán will be interviewing organisers and artists about the festival, and listeners are guaranteed to hear some great live music too.

Thurs 26 and Friday 27 Januar 3.00 pm