Ronan Beo

15:00 - 16:00 Máirt - Aoine / Tues - Fri

Rónán Beo@3 Dé Máirt 11 Feabhra 2014

Éist anois

Máire Feiritéar agus Micí Whiting Mac Aodh

An mír seachtainiúil foclaíochta, ag plé na focail éagsúla atá sna cinniúintí éagsúla, agus ag tabhairt míniú do éisteoirí ar fhocail faoi leith. Ag díriú isteach ar théarmaíocht grá an tseachtain seo.

 

AN GHAEILGE- TEANGA AN GHRÁ:

Mo Vailintín: Tá an Ghaeilge inchurtha nó b'fhéidir i bhfad níos fearr ná aon teanga eile ag plé le grá.  An bhfuil aon teanga eile inchurtha leis an Ghaeilge ó thaobh an ghrá?

Seo cuid dena samplaí a bhí ag Máire Feiritéir ar an chlár ‘Rónán Beo’ Dé Máirt 11 Feabhra 2014 :

 

Cá dtosódh duine:

Grá – Grá mo chroí, mo ghrá thú,  a ghrá geal, a ghrá bán.– “mo ghrá thú agus rud agat! Grá buan nó grá daingean = mar seo a cuirtear síos air in amhrán na ndaoine

 

Domhnail Óg

Thug mé grá dhuit ‘s mé beag bídeach,

Chuir mé barr air is mé mór millteach.

Níorbh é sin an grá a thug an t-uan don chaora,

Ach grá buan daingean nach féidir a scaoileadh.

 

Siúd é an Domhnach a dtug mé grá dhuit

An Domhnach deireanach roimh Dhomhnach Cásca

Is tú ar do ghlúine ag léamh na páise,

‘Sea bhí mo dhá shúil a’ síor thabhairt grá dhuit.

 

Tá mo ghrá-sa ar dhath na sméara,

‘S ar dhath na n-áirní lá breá gréine,

Ar dhath na bhfraochóg ba dhuibhe an tsléibhe,

‘S is minic bhí ceann dubh ar cholainn glégeal.

Ansin, tá an grá gan chúiteamh ann (unrequited love

Tá an t-amhrán seo coitianta ar fud na tíre ach seo leagan Ultach a tógadh an Ard Mhacha.

 

Tá mé ‘mo shuí –

Deirid lucht léinn gur claoite an galar an grá,

Char admhaigh mé é go raibh sé i ndéidh mo chroí istigh a chrá;

Aicíd ró-ghéar, faraor, nár sheachnaigh mé í

Is go gcuireann sí arraing is céad go géar fríd cheartlár mo chroí.

Casadh bean sí domh thíos ag lag Bhéal an Áth’,

D’fhiafraidh mé di an scaoilfeadh glas ar bith grá,

Is dúirt sí i gcois íseal i mbriathra soineanta sáimh,

Nuair a théid sé fán chroí cha scaoiltear as é go brách.

 

Searc – searc mo chléibh. Bhíodh ortha na seirce, bhíodh go leor orthacha ann go hiondúil I bhfoirm phaidre – ach sa gcás seo i bhfoirm dí  a thugtaí do dhuine lena mhealladh nó an chluain a chur air. Nuair a bheadh an deoch seo ólta leanfadh sé an bhean go deireadh an domhain.  Chomh leis sin bhí an ball seirce ann sin ball a bheadh in éadan duine agus leanfadh bean go deo nuair a d’fheicfeadh sí an ball sin. Deirtear go raibh an ball seirce ag Diarmaid Ó Duibhne sna Fianna agus gurbh shin an t-údar gur éalaigh Gráinne bean Fhinn Mhic Cumhaill leis. Níl aon áit in Éirinn nach bhfuil leaba Diarmada agus Ghráinne agus in Albain (iad ar dteicheadh ó Fhionn). Tá an focal searc san amhrán is annsa liom –


Caiseal Mumhan – an t-amhrán is ansa liom féin

Phósfainn thú gan bó gan punt gan áireamh spré.

Agus phógfainn thú maidin drúchta le bánú an lae,

‘S é mo ghalar dubhach gan mé agus tú, a dhian ghrá mo chléibh,

I gCaiseal Mumhan agus gan de leaba fúinn ach an Clár Bog Déil.

 

Siúil a chogair, is tar a chodladh liom féin sa ghleann,

Gheobhaidh tú foscadh, leaba fhlocais is aer cois abhann,

Beidh na srutha ag gabháil tharainn faoi ghéaga crann,

Beidh an londubh inár bhfochair is an chéirseach dhonn.

 

Searc mo chléibh a thugas féin duit agus grá faoi rún,

‘s go dtaga sé do chor sa tsaol dom bheith lá ‘gus tú,

Ceangal cléire a bheith eadrainn araon ‘s an fáinne dlúth,

‘S dá bhfeicfinn féin mo shearc ag aon fhear, gheobhainn bás le cumha.

 

Stór – stóirín, mo mhíle stór, a stór mo chléibh –

– Amhrán álainn leis an nGriannach

Tráthnóna Beag Aréir.

Do chiabhfholt fáinneach frasach,

Do mhala bhán, do dhéad,

Do chaolchoim álainn mhaiseach

Agus glórthaí caoin do bhéil

Do bhráid mar chlúmh an heala,

Do shúil mar réalt’ na maidne

‘Gus faraor gur dhual dúinn scaradh

Tráthnóna beag aréir.

Dá bhfaighinnse arís cead pilleadh

Agus labhairt le stór mo chléibh,

Nó dá bhfaighinnse bua ar chinniúint

Cér mhiste liom fán  tsaol?

Shiúlfainn leat fríd chanach,

Is fríd mhéilte ar chiumhas na mara

Agus dúiche Dé dá gcaillfinn

Go bpógfainnse do bhéal.

 

Ansa, Ansacht – an bhean is ansa leis. A ansacht – a mhúirnín. Mo mhuirnín dílis. Bhí ainmneach éan I gceist – Céirseach, Faoileann, agus ainmneacha leanaí – a leanbh, a leanbh bán mo chroí,


Caisleán Uí Néill amhrán atá le fáil ins gach áit – seo  as leagan Thomáis Uí Chriomhthain ar a bhainis  -

Tá siad á rá go bhfuil ádh na mban deasa orm féin

Is dar ndóigh má tá, a dhianghrá, ní miste leat é.

Thugas naoi lá, naoi dtrá agus aon tseachtain déag,

Ag cúl tí mo ghrá dhil ag piocadh airní de bharraí na gcraobh.


A chumainn ghil is a ansacht, i dtús an tsamhraidh dá dtiocfá liom féin,

Amch faoi na gleannta nó in oileáinín mar a dtéann an ghrian faoi

Ba, caoirigh ná gamhna ní shantóinnse leat iad mar spré

Ach mo lámh faoi do cheannsa is cead labhairt leat go dtí am an dódhéag.

 

 Brídín Bhéasach le Antoine Ó Reachtúra

 Agus phósfainn Brídín Bhéasaí gan stoca bróg ná léine

‘ A stór mo chroí, dá bhféadfainn, do throiscfinn dhuit naoi dtráth,

Gan bhia gan dheoch gan aon rud ar oileáinín Loch Éirne,

 

 

A Ógánaigh Óig  - Seo bean ag caint

A Ógánaigh Óig, is modhúil  ‘s milis do ghrua,

‘S ní áirím, dar ndóigh, gur ró-dheas leagan do shúl

Níl ins an Roinn Eorpa seoid is deise ná thú,

A bhfuil do ghrua mar an rós – seo póg agus teanam chun siúil.

  

Peadar Ó Doirnín (18ú) a chum. Deirtear go bhfuair sé bóthar (mar gur chum sé an dán do ghirseach óg sa scoil)  ón scoil a bhí sé ag múineadh inti dá bharr.

A shuaircbhean tséimh na gcuachfholt péarlach,
gluais liom féin ar ball beag,
tráth is buailte cléir is tuataí i néall
ina suan faoi éadaí bána;
ó thuaidh go mbéam i bhfad uathu araon
teacht nua-chruth gréine amárach,
gan ghuais le chéile in uaigneas aerach
san uaimh sin Chéin mhic Cáinte.

 

Seo amhrán le Antaine Ó Raiftearaigh

 

Phósfainn Brídín Bhéasaigh, gan stoca bróg ná léine,

‘S a stór mo chroí dá bhféadfainn é

Go dtroiscfinn dhuit naoi dtráth,

Gan bhia gan deoch gan aon chuid,

Ar oileáinín i Loch Éirne,

D’fhonn mé agus tú a bheith in éineacht

Le go réiteodh muid ár gcás

 

An raibh tú ar an gCarraig – amhrán a bhí coitianta ar fud na tíre. Deirtear go Píobaire as Tír Eoghain a chum é – Doiminic Ó Mongáin (Mhair Ó Mongáin san 18ú) ach deirtear freisin gur Muimhneach a chum agus gur as cur síos ar Charraig an Aifrinn

An raibh tú ar an gcarraig nó a bhfaca tú féin mo ghrá

Nó a bhfaca tú gile, finne, agus scéimh na mná

Nó a bhfaca  tú an t-úll ba cumhra is ba mhilse bláth

Nó an bhfaca tú mo Vailintín agus a bhfuil sí a cloí mar táim?

 

Do bhíosa ag an gCarraig, is do chonaic mé féin do ghrá,

Do chonaic  mé gile, finne, agus scéimh na mná,

Do chonaic mé an t-úll ba cumhra is ba mhilse bláth.

Do chonaic mé do Vailintín  agus níl sí dá claí mar táir!

In Albain  -

M’ulaidh. M’éadáil

 

Mhaoineach, mhaoinín,

 

Seo mar a dúirt Eorainn le Suibhne (1150)

Dá bhfaighainn mo rogha

De fheara Éireann is Alban

B'fhearr liom do chumann

Is gan againn ach uisce agus biolar.

 

Mo ghuí go mbeidh muid mar aon le chéile,

Go bhfásfadh cleití is clúmh ar ár dtaoibh.

Chun go bhféadfaimís fálróid romhainn trí sholas agus dorchadas

Gach lá agus oíche.

 

Mac ghrioghair, Griogal Mac Ghrioghair, achrann idir féin agus Clann Chambhéal san 16ú agus chum a bhean amhrán air.  Deir sí sna línte seo – Is iomaí oíche fhliuch is tirm, oíche na seacht síon,

Geobhadh Griogal scailp dhomsa ionas go bhféadfainn a dhul ar an bhfoscadh.

 

 

'S iomadh oidhche fhliuch is thioram

Many a night both wet and dry

Sìde nan seachd sian

Weather of the seven elements

Gheibheadh Griogal dhòmhsa creagan

Gregor would find for me a rocky shelter

Ris an gabhainn dian


 

 

Éist anois

Na Semples: Eagráin 16

Téann Andy ar 'date' le seanfhear dall chun airgead a shaothrú dó féin - ach tá air ligean air féin gur buachaill óg é. Ní chríochnaíonn rudaí ró-mhaith.

Mixture maxture a bhíonn le cloisteáil ar an gclár seo, mar a deir Rónán féin, idir throm agus éadrom – ceol, siamsaíocht, agallaimh, cúrsaí sláinte, cócaireacht, scéalta nuachta, agus na saineolaithe focal Dé Máirt, dár ndóigh.

Rónán Beo@3 is a light entertainment programme includes a mix of music, chat and interviews, and Rónán’s inimtable style of presenting is a key element in the show’s success - an ability to deal sensitively with subjects when necessary, a great sense of fun, a genuine curiosity and a touch of anarchy. 

Ronan Beo

Clár is deireanaí

Ronan Beo ar Twitter

Láithriú + Léiriú / Presented + produced by: Rónán Mac Aodha Bhuí

Sceideal Féach sceideal