Ronan Beo

15:00 - 16:00 Máirt - Aoine / Tues - Fri

Rónán Beo@3 Déardaoin 16 Eanáir 2014

Éist anois

Theresa Eoin Ellen Bn Uí Chuireáin

Fuair Theresa litir i mbuidéal Dé Domhnaigh shios cois na trá. Litir a scríobh fear i gCorcaigh, Damian Hickey ar an 17ú Aibreán 1993.
Éist anois

Cathal Ó Gallchóir

Ag caint faoi Scioból na bhfear atá le bunú sa Chrannóg i nGaoth Dobhair. Beidh cruinniú eolais ar siúl sa Chrannóg oíche Mháirt ag a 8.
Éist anois

Cathal Ó Cuireáin agus Anna Ní Ghallchóir

Cathal as Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus Anna as Coláiste Áiligh. Beidh scoláirí as Phobalscoil G.D, Coláiste Ailigh agus scoilteacha eile ag taisteal go Béal Feirste do Cheolchoirm BEO a bheas ar siúl san Oh Yeah Centre. Tá an cheolchoirm ann chun an Ghaeilge a spreagadh.
Éist anois

Na Semples : Eagrán 5

Baintear geit as Julia nuair a fheiceann sí Andy, fear a h-iníne, ag obair ar a ríomhaire sa gcistin agus gan air ach a chuid fo-bhrístí!

Mixture maxture a bhíonn le cloisteáil ar an gclár seo, mar a deir Rónán féin, idir throm agus éadrom – ceol, siamsaíocht, agallaimh, cúrsaí sláinte, cócaireacht, scéalta nuachta, agus na saineolaithe focal Dé Máirt, dár ndóigh.

Bronnadh Duais PPI do Chlár Raidió Gaeilge na Bliana 2012 ar Rónán Beo @3.  Bronnadh Gradam Chumarsáide an Oireachtais do Chlár Raidió na Bliana orthu i 2011 agus i 2010, agus bronnadh an gradam do Phearsa Raidió na Bliana 2011 ar Rónán ag Féile na Meán Ceilteach.
 

Rónán Beo@3 is a light entertainment programme includes a mix of music, chat and interviews, and Rónán’s inimtable style of presenting is a key element in the show’s success - an ability to deal sensitively with subjects when necessary, a great sense of fun, a genuine curiosity and a touch of anarchy. 

The programme was awarded PPI Irish-Language Radio Programme of the Year 2012, and also won the Gradaim Chumarsáide an Oireachtais award for best programme in 2011 and 2010.  Rónán won Celtic Media Radio Personality of the Year 2011.

Ronan Beo

Clár is deireanaí

Ronan Beo ar Twitter

Láithreoir / Presenter: Rónán Mac Aodha Bhuí

Sceideal Féach sceideal