Ronan Beo

15:00 - 16:00 Máirt - Aoine / Tues - Fri

Rónán Beo@3 Dé Céadaoin 13 Samhain 2013

Éist anois

Hughie Mac Eamharcaigh as Rann na Feirste

Ag caint ar an dóigh ar stad se féin agus a bhean céile Morag, ag caitheamh tobac. Bhí Hughie ag caitheamh ar feadh tríocha sé bliain nuair a stad sé cupla mí ó shoin. Fuair a bhean cuidiú ón HSE agus dúirt sé go raibh sé níos fusa aicí'sa a theacht díofa.
Éist anois

Danny Browne

Ag caint le Rónán faoin feachtas atá ar bun aige le hairgead a bhailiú leis an pháipéar áitiúil GOITSE a thoiseacht arís. Té feachtas acu ar an suíomh idirlín fundit.ie agus thigtacaíocht a thabhairt don tionscnamh agus maoiniú a dhéanamh ar Goitse le iriseoireacht na Gaeltachta a choinneáil ag gabháil agus tá €1,050 acu go dtí seo.
Éist anois

Evelyn Ó' Rourke beo sa stiúideo i nDomhnach Broc

Ag caint ar an tsraith teilifíse úr atá aicí, ag cuidiú le daoine atá ar thoir a sinsear agus ag fiosrú a nginealaigh. Tá an chéad clár ag dul amach an Domhnach seo.

Mixture maxture a bhíonn le cloisteáil ar an gclár seo, mar a deir Rónán féin, idir throm agus éadrom – ceol, siamsaíocht, agallaimh, cúrsaí sláinte, cócaireacht, scéalta nuachta, agus na saineolaithe focal Dé Máirt, dár ndóigh.

Bronnadh Duais PPI do Chlár Raidió Gaeilge na Bliana 2012 ar Rónán Beo @3.  Bronnadh Gradam Chumarsáide an Oireachtais do Chlár Raidió na Bliana orthu i 2011 agus i 2010, agus bronnadh an gradam do Phearsa Raidió na Bliana 2011 ar Rónán ag Féile na Meán Ceilteach.
 

Rónán Beo@3 is a light entertainment programme includes a mix of music, chat and interviews, and Rónán’s inimtable style of presenting is a key element in the show’s success - an ability to deal sensitively with subjects when necessary, a great sense of fun, a genuine curiosity and a touch of anarchy. 

The programme was awarded PPI Irish-Language Radio Programme of the Year 2012, and also won the Gradaim Chumarsáide an Oireachtais award for best programme in 2011 and 2010.  Rónán won Celtic Media Radio Personality of the Year 2011.

Ronan Beo

Clár is deireanaí

Ronan Beo ar Twitter

Láithreoir / Presenter: Rónán Mac Aodha Bhuí

Sceideal Féach sceideal