RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Rollaí Cabáiste agus Mairtfheola

Comhábhair:
450g/1 phunt mairtfheoil mionaithe (minced beef)
Oinniún mór gearrtha go mion
75g/3 unsa rís (cócaráilte) bruite
1-2 ionga gairleoige mionghearrtha
Braon beag anlann worchestershire
Piobar agus Salann
8 dhuilleog mhóra chabáiste
30ml/ 2 spúnóg bhoird d'ola nó d'im leáite

Anlann Trátaí
2 channa trátaí (400g)
Oinniún mór mionghearrtha
1-2 ionga gairleoige brúite
Cairéad mór grátáilte
Piobar agus Salann
3-4 spúnóg bhoird seirise (sherry) (roghnach)
2 spúnóg bhoird d'ola mhaith

Modh
1. Gearr amach an chuisle mhór i lár gach duilleog chabáiste gan an duilleog a bhriseadh.
2. Tum na duilleoga in uisce fiuchta ar feadh nóiméad agus ansin tum in uisce fuar iad agus triomaigh go cúramach.
3. Téigh an ola i sáspan trom, frioch an t-oinniún agus gairleog ar dtús. Ansin, frioch an fheoil go mion go mbíonn sí donn.
4. Cuir leis seo an rís bruite, anlann worchestershire agus piobar agus salann, agus measc go maith le chéile.
5. Roinn an meascán seo idir na duilleoga solúbtha cabáiste agus déan iad a rolladh suas go néata.
6. Cuir taobh le taobh i mias gréiscthe oigheann-dhianach agus doirt an t-anlann trátaí ar a bharr.
7. Clúdaigh agus bácáil ar feadh thart ar 50 nóiméad ag 180C/350F/Gás 4.

Anlann
1. Téigh an ola i sáspan trom agus frioch an t-oinniún agus gairleog. Measc isteach na cairéidí grátáilte, piobar, salann agus seiris, agus ansin measc isteach na stáin-thrátaí.
2. Suan-bhruith an meascán seo ar feadh 10-15 nóimeád.
3. Doirt an t-anlann seo anuas ar na rollaí cabáiste.

Ith seo le rís nó le fataí.

Nóta:
Má tá tú faoi dheifir, is féidir leat crúsca nó dhó de Dolmio nó ceann Lloyd Grossman Primavera a úsáid in áit an anlann trátaí baile.