RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Togra Podchraoltaí an SLSS

Tacaíonn an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge le múineadh agus foghlaim na Gaeilge i scoileanna ag an dara leibhéal, agus tá sé ar cheann de phríomhchuspóirí na seirbhíse tacú le húsáid na Gaeilge mar theanga chumarsáideach i scoileanna agus i seomraí ranga.

Seoladh an togra nua Podchraoltaí, togra atá á reáchtáil i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta, beo ar Céim ar Chéim ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin 14 Bealtaine. Ba iad Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Carmel Nic Eoin, comhordaitheoir Náisiúnta an SLSS, agus Vernon Ó Buachalla, Oifigeach forbartha leis an SLSS, na haíonna a bhí sa stiúideo le Máirín Mhic Dhonnchadha, láithreoir an chláir.

Tá leabhair saothair nua foilsithe acu a bhaineann úsáid as podchraoltaí RTÉ Raidió na Gaeltachta mar mhodh nua-aimseartha, éifeachtach le scil na héisteachta sa Ghaeilge a chothú agus mar mheán leis na scileanna uile teanga a fhorbairt agus a chomhtháthú.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ón tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge ag www.slss.iecuir ríomhphost chucu anseo.