RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Pióg Turcaí agus Glasraí
Comhábhair
450g/1 phunt stiallacha turcaí cócaráilte
225g/0.5 phunt cainneann cócaráilte (leeks)
225g/0.5 phunt dósáin (florettes) brocailí cócaráilte
50g/ 2 unsa ime
50g/2 unsa plúir
110g/4 unsa cáise grátáilte
300ml/0.5 phionta bainne
150ml/0.25 pionta uachtair
10ml/2 tae-spúnóg mustard réitithe
1 oinniún mór grátáilte nó mion-ghearrtha
30ml/ 2 spúnóg bhoird seiris neamh-mhilis (dry sherry)
salann agus piobar ar do mhian
25-50g/1-2 unsa grabhróga míne aráin
25-250g/1-2 unsa cáise parmesan grátáilte
75g/3 unsa gallchnónna mionghearrtha
Modh
(1) Cuir an bainne, an t-uachtar, an plúr, an t-im, an cháis, mustard, oinniún agus an seiris i sáspan, cuir ar phláta te agus cócaráil, dhá mheascadh le greadtóir balúnach (baloon whisk) go mbíonn anlann deas cúrach agat. Cuir pinse piobair agus salainn leis más gá.
(2) Cuir na glasraí cócaráilte i mias chasaróil gréisithe, scar an fheoil turcaí anuas orthu seo agus clúdaigh an t-iomlán leis an anlann.
(3) Measc na grabhróga aráin, an cháis parmesan agus na gallchnónna le chéile. Croith ar bharr an anlainn agus bácáil in oigheann réamhthéite ag 200C/400F/Gás 6 ar feadh 30-40 nóiméad go mbíonn sé deas órga ar a bharr agus sách te.
(4) Cuir chun boird le fataí bácáilte.
- NOW: An Taobh Tuathail
- NEXT: Scoth na hAoine
Súil Siar






