RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Pióga Beaga Éisc Deataithe
Comhábhair
225g/8 unsa éisc deataithe - cadóg nó cólaí
300ml/0.5 phionta bainne
1 oinniún beag, lomtha, gearrtha suas
pinse piobair
2 thráta mhóra aibí
300ml/0.5 phionta uachtair
50g/2 unsa cáise cheddar dearg grátáilte
peirsil chun maisiú - más mian
Modh
1. Cas ar an t-oigheann ag 190C/375F/Gás 5.
2. Cuir an t-iasc deataithe i sáspan leis an mbainne, piobar agus oinniún agus tug go pointe fiuchta go mall.
3. Tóg amach an t-iasc ansin agus bain as aon chnámha agus croiceann. Bris ina stiala.
4. Tom na trátaí in uisce fiuchta chun an croiceann a bhogadh agus tom iad, ansin bain astu na síolta agus an lacht agus mionghearr.
5. Gréisigh 4 bhabhla beag agus roinn leath na dtrátaí idir iad. Cuir an t-iasc anuas orthu agus ansin tuilleadh trátaí.
6. Clúdaigh leis an gcáis ghrátáilte agus doirt an t-uachtar anuas orthu.
7. Bácáil ar feadh thart ar 20 nóiméad go mbíonn siad deas órga agus breá te.
8. Ith le méara tósta nó le fataí bácáilte.
Nóta:
Déan cinn bheaga agus úsáid le tús béile (i raimicíní beaga) más mian leat.
- NOW: Scoth na hAoine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






