RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Pâté de Mhaicréal Deataithe agus Bia Méara i gcóir deoch na Nollag
Comhábhair
74g/ 3 unsa maicréil deataithe
15ml/1 spúnóg bhoird cáise baile (cottage cheese)
30ml/2 spúnóg bhoird iógairt nádúrtha
5ml/ 1 tae-spúnóg sú liomóide
Pinse beag noitmige úr-ghrátáilte
2 spúnóg bhoird biolair
Pinse piobair chéin (cayenne pepper)
Ding liomóide (lemon wedge)
Tósta melba
Modh
1. Lom an maicréal agus cuir isteach sa lachtóir é leis an gcáis, iógart, sú liomóide, noitmig agus piobar dubh ar feadh cúpla nóiméad.
2. Cuir i mbabhla, clúdaigh agus cuir sa chuisneoir ar feadh tamaill nó thar oíche.
3. Cuir chun boird maisithe le biolar, piobar chéin agus ding liomóide.
4. Ith le tósta melba
Tósta Melba
1. Bain an crústa do dhá shlisne tósta agus ansin gearr trí lár na slise.
2. Cuir faoi ghriolla te ansin iad, an taobh bog nó amh in airde, nó go mbeidh siad órga agus deas bríosc.
Bia Méara i gcóir deoch na Nollag
1. Fataí beaga bídeacha róstaithe in ola ológa agus salann agus cros ar a mbarr agus daba beag uachtair géar le siabhás measctha thríd.
2. Cácaí beaga bídeacha prátaí, le huachtar géar anuas orthu agus píosa beag bradán deataithe ar a mbarr.
3. Pâté de mhaicréal deataithe agus tósta melba.
- NOW: Scoth na hAoine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






