RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Parlaimint na hEorpa - Téarma Nua

Tiocfaidh an 736 Feisire Eorpach a toghadh an mhí seo caite le chéile den chéad uair inniu, 14 Iúil, agus sa gclár seo labhrann Máirín Ní Ghadhra le feisirí de chuid na hÉireann faoin méid a bhfuil siad ag súil leis ón tréimhse parlaiminte seo. Beidh sí ag caint le Proinsias de Rossa atá ina leascheannaire ar an ngrúpa Sóisialach sa Pharlaimint agus a toghadh den chéad uair chun na hEorpa i 1999, beirt fheisirí nua-thofa, Seán Kelly agus Joe Higgins, agus beirt a bheidh ag filleadh ar an bparlaimint, Jim Higgins ó Fhine Gael agus Pat the Cope ó Gallchóir ó Fhianna Fáil a bhí ina fheisire cheana idir 1994 agus 2002. Gheobhaidh muid léargas ar na dúshláin atá roimh an bParlaimint agus na hathruithe a bheidh i ndán di le teacht Chonradh Lisbon agus na mballstát nua, léargas freisin ar an obair ó lá go lá sa mBruiséal agus na deacrachtaí a bhaineann le bheith i mbun oibre le os cionn seacht gcéad feisire eile.

A new term of the European Parliament begins on 14 July and in this programme Máirín Ní Ghadhra speaks to Irish MEPs about their expectations for the coming term. Experienced MEPs Jim Higgins, Pat the Cope Ó Gallchóir and Proinsias de Rossa, as well as the newly-elected Seán Kelly and Joe Higgins, will give their opinions on the challenges faced by the Parliament, the Treaty of Lisbon, day-to-day work in Brussels and the challenges inherent in working with seven hundred other MEPs.

Dé Máirt 14 Iúil 1.30 i.n.
Tuesday 14 July 1.30 p.m.