RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Pancóga & Scónaí Silte
Pancóga
Comhábhair
110g / 4 unsa plúir
1-2 ubh
300 ml/ 0.5 phionta bainne
1 taespúnóg d'ola lus na gréine
Pinse beag salainn
Ola chun friochta
An Modh
Criathraigh an plúr agus an salann isteach i mbabhla. Déan poll i lár an phlúir agus doirt isteach ubh agus braon den bhainne. Measc go maith ón lár amach go mbíonn leacht deas mín agat gan aon chnap. Doirt isteach an chuid eile den bhainne agus measc arís go mbíonn an meascán deas aeraithe agus éadrom.
Téigh braon an-bheag ola san fhriochtán téite agus doirt cuid den mheascán isteach ann. Clúdaigh tóin an fhriochtáin go léir (go tanaí) leis an leacht. Cócaráil nóiméad nó dhó go mbíonn dath órga air, cas timpeall agus arís go mbíonn sé órga. Lean mar sin go mbeidh na pancóga go léir réidh.
Nod:
Coinnigh te ar phláta iad os cionn sáspan uisce fiuchta.
Cuir chun boird iad le siúcra mín agus sú liomóide, nó le mil ag sileadh leo agus spúnóg iogóirt nádúrtha.
Scónaí Silte - Drop Scones
Úsáid an leacht céanna a bhí ann do na pancóga (féach thuas) ach cócaráil ina bpíosaí beaga lán-spúnóige iad agus iad scartha amach óna chéile.
Cuir iad seo chun boird leis an meascán seo leanas:
Anlann Sméar Dubh agus Meala
Cuir roinnt sméara dubha - 8 n-unsa abair - agus spúnóg bhoird meala i sáspan agus téigh iad. Cuir scóna silte amháin ar phláta. Cuir spúnóg crème fraîche anuas ar an scóna agus cuir spúnóg den mheascán sméara anuas ar siúd.
Déan thart ar 4-5 os cionn a chéile mar sin.
Maisigh le sméara agus píosa miontais úr (fresh mint).
Pancóga úill agus iógairt
Comhábhair
110g/4 unsa plúir
2 ubh bheaga
25 g / 1 unsa siúcra mín
75 ml / 3 spúnóg boird iógórt nádúrtha
1 úll milis - gearrtha suas
Cuir na comhábhair seo go léir isteach sa lachtóir agus lachtaigh go mbíonn meascán deas lachtúil agat. Cócaráil cosúil leis na scónaí silte thuas iad.
Cuir chun boird iad le mil.
Bain sásamh astu!
Nóta:
Muna bhfuil lachtóir agat, déan an t-úll a ghrátáil isteach sa mheascán. Más maith leat, lom an t-úll ar dtús.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






