RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Oíche Chultúir 2010

Inniu, beidh cláracha Raidió na Gaeltachta ag breathnú chun cinn ar imeachtaí a bheidh ag tarlú ar fud na tíre anocht don Oíche Chultúir.

Iris Aniar 9.08 am
Beidh scata mór ealaíontóirí agus lucht na n-ealaíon ar Iris Aniar ar maidin ag labhairt ar Oíche Chultúir 2010 agus faoin méid a bheidh ar siúl i gceantar an iarthair anocht.

Rónán Beo @3 3.00 pm
Beidh Mick Óg Mac Aoidh, Áisitheoir Ealaíon Ghaeltacht Dhún na nGall, an píobaire Conor Day as Béal Feirste agus an fidléir Theresa Kavanagh ar na haíonna a bheidh ar an gclár inniu.

An Caifé Ceoil 9.00 pm
Beidh An Caifé Ceoil ag teacht beo ó Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath anocht, áit a mbeidh réimse mór imeachtaí ar siúl don Oíche Chultúir, ó cheardlanna go ceol beo, go turasanna treoraithe agus tuilleadh nach iad. Ar na haíonna a bheidh ag Síle Ní Scanláin ar an gclár beidh na hamhránaithe Briocán Bairéad agus Enda Reilly agus baill den chompántas drámaíochta Aisteoirí Bulfin.

Throughout the day today Raidió na Gaeltachta programmes will be focusing on the events happening all over the country as part of Culture Night 2010.

Iris Aniar 9.08 am
The programme today will feature several artists and musicians from the west who will tell us what is happening tonight.

Rónán Beo @3 3.00 pm
Today's guests will include Donegal Gaeltacht Arts Officer Mick Óg Mac Aoidh, piper Conor Day from Belfast and fiddler Theresa Kavanagh.

An Caifé Ceoil 9.00 pm
Live from Conradh na Gaeilge in Dublin tonight where a whole progamme of events will be taking place tonight including live music, workshops and guided tours, to name but a few of the events planned. Síle Ní Scanláin's guests tonight will include singers Briocán Bairéad and Enda Reilly, and members of the Aisteoirí Bulfin drama group.