Nuacht an Tuaiscirt: Aighneas tionsclaíoch Otharlann Naomh Iosaef
Aighneas tionsclaíoch Otharlann Naomh Iosaef
Beidh cruinniú inniu ag SIPTU agus ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte in Otharlann Naomh Iosaef i Srath an Urláir, maidir le dualgaisí foirne san otharlann.
Cuireadh roinnt fear atá ag obair mar chúramóirí in Otharlann Pobail Naomh Iosaef abhaile óna gcuid oibre an tseachtain seo, mar gur dhiúltaigh siad cúram pearsanta a chur ar fáil do mhná atá mar othair san Otharlann.
Tá sé ráite ag na fir agus ag na hothair nach bhfuil siad compordach leis na dualgaisí seo agus tuigtear gur cuireadh triúr fear abhaile ón otharlann mar gur dhiúltaigh siad na dualgaisí a chomhlíonadh.
Bagairt do chaighdeán cúram sláinte
Cuirfear isteach go mór ar sheirbhísí sláinte san iar thuaisceart má chuirtear deireadh leis an Treoir Sláinte Eorpach le himeacht na Breataine ón Aontas Eorpach, a deir an Dochtúir Teaghlaigh, Éamonn Mac Giolla Chomhaill.
Deir sé go bhfuil go leor othar as an iar thuaisceart a gcur chuig otharlanna sna Sé Chontae faoin chomhaontú seo, le comhar leighis agus obráidí a fháil ansin, ach go bhfuil seans go mbeidh deireadh leis an chomhaontú sin le himeacht na Breataine ón Aontas Eorpach.
Beidh Dún na nGall buailte go holc má tharlaíonn sin, a dúirt sé, de bharr na liostaí feithimh a bheith chomh fada in Otharlann Leitir Ceanainn agus de bharr go dtéann go leor ón chontae go otharlanna na Sé Chontae cheana féin, faoin scéim seo.
Cuirfear go mór le liostaí feithimh in Otharlann Leitir Ceanainn, muna mbeidh deis ag othair as an chontae dul trasna na teorann d'obráidí agus a mhacasamhail feasta, a dúirt an Dochtúir Mac Giolla Chomhaill.
Folúntais Seanaid
Tá an t-iar Theachta Dála ó Fhianna Fáil, Niall Blaney, as Fánaid san iomaíocht do dhá fholúntas i Seanad Éireann faoi láthair.
Tá sé ainmnithe mar iarrthóir ar an phainéal talmhaíochta i gcuideachta cúigear iarrthóirí eile, agus tá sé ainmnithe fosta ar fhó-phainéal an Oireachtais, i gcuideachta triúr eile.
Naonúr ball Oireachtais a d'ainmnigh Niall Blaney dona folúntais seo. Beidh an vótáil don dá thoghchán seo ar siúl ar an Aoine an 27ú lá de Aibreán, agus tá na páipéir ballóide a gcur sa phost inniu.
226 ball den Oireachtas a bheas i dteideal vóta a chaitheamh san dá thoghchán sin. Dúirt Niall Blaney le Nuacht an Tuaiscirt tráthnóna inné go bhfuil rún aige go cinnte a bheith páirteach i bpolaitíocht ag leibhéal náisiúnta arís.
Dúirt sé go mbeidh sé ag díriú go háirithe ar an phainéal atá ainmnithe ag na baill Oireachtais. Tá Niall Blaney ainmnithe do choinbhinsiún Fhianna Fáil i nDáilcheantar Dhún na nGall.
Dúirt sé go mbeidh sé ag déanamh a dhícheall a chinntiú go mbeidh méadú ar vóta an pháirtí sa dáilcheantar san chéad olltoghchán eile, bíodh sin le beirt nó le triúr iarrthóirí.
Bhí Niall Blaney ina Theachta Dála ó 2002 go 2011, d'Fhianna Fáil Neamhspleách agus ansin d'Fhianna Fáil.
Seilbh sheanteach cúirte na nGleanntach ag Co Co
Tá an cheist maidir le húinéireacht sheanteach cúirte na nGleanntach socraithe anois agus dearbhú faighte gur le Comhairle Contae Dhún na nGall an foirgneamh.
Níl úsáid a bhaint as an fhoirgneamh le tamall, mar go bhfuil an foirgneamh i ndroch staid. D'iarr an Comhairleoir Contae, Terence Slowey, ar an Chomhairle Contae a chinntiú go mbeidh an foirgneamh ar fáil don phobal áitiúil, le seirbhísí a sholáthar sa phobal.
Mhol an Comhairleoir Contae Éanna Ó Cnáimhsí go gcóireofaí an foirgneamh agus go mbeadh leabharlann ar fáil ann, rud atá a lorg ag pobal na nGleanntach le blianta fada, a dúirt sé.
Teach solais Thoraigh mar áis turasóireachta
Tá Comharchumann Oileán Thoraigh le staidéar féidearthachta a dhéanamh maidir le togra turasóireachta a fhorbairt ag teach solais an oileáin.
Tá pleananna caomhnú a dhéanamh ar an teach solais agus na háiseanna a bhaineann leis, agus an áit a fhorbairt mar láthair turasóireachta.
Dúirt bainisteoir Chomharchumann Thoraigh, Marjorie Uí Chearrbhaill, go bhfuil turas a eagrú ag toscaireacht ón oileán go Teach Solais Fhánada agus tithe solais eile, le cuidiú leo pleananna a chur le chéile do thogra Thoraigh.
Measann sí go mbeidh an staidéar féidearthachta déanta roimh dheireadh mí Mheitheamh. Tá €8,000 ceadaithe ag an Chomhairle Contae agus €12,000 ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta don staidéar féidearthachta.
Bhí cruinniú ag Comharchumann Thoraigh le coimisiún na dtithe solais, ar leo an teach solais, agus tá a mbeannacht tugtha acu don togra seo.
Coiste pleanála bhád farantóireachta Thoraigh
Tá Coiste Pleanála le ceapadh a bheas gníomhach i dtógáil bád farantóireachta úr d'Oileán Thóraigh.
Tá an coiste á chur le chéile bunaithe ar mholtaí an eadrannaí neamhspleách, Pól Ó Gallachóir.
Deir Comharchumann Thóraigh go bhfuil go dtí'n cúig a chlog tráthnóna inniu ag daoine ón oileán a mbeadh suim acu a bheith ar an choiste seo a n-ainm a chur chuig an Chomharchumann.
Táthar ag lorg duine atá eolach ar bhádaí ó phobal an oileáin a bheith ar an choiste pleanála don bhád farantóireachta úr.