Nuacht an Tuaiscirt: Fear gafa
Fear gafa
Tá fear á choinneáil ag na Gardaí i stáisiúin Leitir Ceanainn mar gheall ar eachtra aréir inár bhéigeán do charranna Gardaí é a leanstan ag luas ard. Tuigtear go raibh na Gardaí ag leanstan an fhir, atá ina chuid fichidí mar gheall ar roinnt eachtraí a tharla i Leitir Ceanainn tráthnóna inné. Bhí roinnt carranna Gardaí sa tóir ar an fhear ar an bhealach idir Leitir Ceanainn agus Leifear agus rinneadh damáiste de cheann de na carranna seo le linn an eachtra. Ghabh na Gardaí an fear in aice le droichead Leifear agus táthar a cheistiú i stáisiún Gardaí Leitir Ceanainn
Comhdháil gnó
Beidh comhdháil idirnáisiúnta ar chúrsaí gnó ar siúl in Ostán Solis i mBaile Dhún na nGall inniu agus amárach
"Beyond Local" ainm na comhdhála, agus beidh aird a dhíriú ar ghnóanna áitiúla a bheith lárnach i margaidh domhanda. Beidh aoichainteoirí agus ceardlanna le linn na comhdhála, atá a eagrú ag Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall. Sé'n phríomh aidhm atá leis an chomhdháil seo ná léargas a thabhairt do lucht gnó ar na buntáistí a bhaineann le margaidh domhanda, a dúirt Micheál Ó Tonnaigh, Stiúrthóir Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall. Is ar a 2.00 inniu a chuirfear tús oifigiúil leis an chomhdháil.
Toraigh
Beidh cruinniú poiblí a eagrú ag comhlacht farantóireachta Réalt na Maidne ar oileán Thoraigh amárach le plé a dhéanamh ar chlár ama an bháid farantóireachta an Queen of Aran. Tá úinéir an chomhlachta Séamus Ó Baoill ag iarraidh plé a bheith aige le pobal an oileáin faoin chlár ama, agus cén dóigh is fearr leis an fhreastal is fearr a dhéanamh ar an oileán. Is ag an mheánlae amárach a bheas an cruinniú seo ar siúl san Ionad Lae i dToraigh. Ba seachtain ón Domhnach s'chuaigh thart a chuir comhlacht Réalt na Maidne tús le seirbhís farantóireachta go hoileán Thoraigh