Nuacht an Tuaiscirt: Fear sáite

Nuacht an Tuaiscirt: Fear sáite

Fear sáite

Tá cóir leighis á chur ar fhear as an Pholainn in Otharlann Leitir Ceanainn tráthnóna inniu, de bharr gortaithe a bhain dó nuair a sáitheadh é i Leitir Ceanainn. Tá scrúdú dlí-eolaíoch a dhéanamh tráthnóna inniu ag Gardaí ar láthair i gceantar Fortwell ar phríomhshráid íochtar an bhaile.  Tuigtear nach bhfuil an fear a sáitheadh gortaithe go dona.

Seirbhísí éigeandála

Casfaidh na seirbhísí éigeandála i bParóiste Ghaoth Dobhair leis an Aosach De Domhnaigh seo le heolas a thabhairt daofa ar an obair atá ar siúl acu agus le haithne a chur orthu.  Beidh baill den Bhriogáid Dóiteáin, An Garda Cósta, Feidhmeannach na Seirbhísí Sláinte agus na Gardaí i láthair.  Dúirt an Sáirsint John Joe Mc Claifeartaigh ó Stáisiún Gardaí Ghaoth Dobhair go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfeadh Aosach na paróiste aithne orthu agus go bhfaigheadh siad eolas ar na seirbhísí atá ar fáil.

Grúpa trasteorann

Tá an grúpa trasteorann 'Ag comhoibriú agus ag obair le chéile' nó CAWT, ag earcú foirne san am i láthair le hoibriú ar thograí éagsúla ar dhá thaobh na teorann.  Tá 50 ball foirne á lorg le hoibriú in earnáil éagsúla.  Tá folúntais i seirbhísí éagsúla, ina measc seirbhísí otharlainne, meabharshláinte, leanaí, sláinte pobail agus seirbhísí don aosach.  Tá na folúntais ag láthaireacha éagsúla i gceantar na teorann agus i nDún na nGall.

Carranna nua

Bhí laghdú de 13% ar líon na gcarranna úra a cláraíodh i nDún na nGall i mí Eanáir i mbliana, i gcomparáid le mí Eanáir anuraidh.  Do réir na bhfigiúirí atá curtha ar fáil ag Comhnaidhm Thionscal Gluaisteáin na hÉireann, cláraíodh 864 carr úr i nDún na nGall i mí Eanáir, i gcomparáid le 992 i mí Eanáir anuraidh.  Ba carranna úra den déanamh Toyota a ba mhó a cláraíodh sa chontae, agus ina dhiaidh sin bhí Hyundai, Ford agus Volkswagen.  Sé'n Hyundai Tuscon an carr úr a ba mhó a cláraíodh i nDún na nGall i mí Eanáir.  Léiríonn figiúirí fosta go raibh méadú 73% ar dhíolacháin carranna úra artola agus hibrid san chéad mhí den bhliain seo.

Comhairle na nÓg

Tá obair luachmhar a dhéanamh ag Comhairle na nÓg i nDún na nGall, agus iad ag díriú ar cheisteanna tábhachtacha a bhaineann leis an aos óg, a dúirt ball de Bhord Chomhairle na nÓg i nDún na nGall, an Comhairleoir Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig.  D'fhreastal sé ar a chéad chruinniú den bhord an tseachtain seo, agus dúirt sé go bhfuil súil aige gur féidir leis tacú le Comhairle na nÓg ina gcuid oibre.  Rinneadh gnó an chruinnithe go dá theangach, rud atá tábhachtach leis an Ghaeilge a chur chun cinn, a dúirt sé.  Tá aird faoi leith a dhíriú ar shláinte a bhaineann le cúrsaí gnéis, comhionannas, íomhá daoine óga agus ceisteanna caidrimh aon ghnéis, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.

Crainn

Tá níos mó de thalamh Dhún na nGall faoi chrainn, ná an meán náisiúnta, sin de réir an eolais a chur an tAire Michael Creed ar fáil don Teachta Dála Charlie McConalogue.  Dúirt sé go raibh 11.6% de thalamh na contae faoi fhoraoiseacha anuraidh.  Ba an meán náisiúnta anuraidh ná 10.5%.  Cuireadh 5,536 hectare de chrainn sa tír ar fad anuraidh. 

Comhchoiste Póilíneachta

Tá Comhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall ag tabhairt tacaíochta do Ghardaí na Contae atá ag iarraidh go mbeadh níos mó den phobal mar bhaill d'fhórsa chúltaca an Gharda Síochána i nDún na nGall.  Thug an Cigire Denis Joyce le fios ag cruinniú den Chomhchoiste Póilíneachta go bhfuil géarghá tuilleadh daoine a earcú don fhórsa chúltaca sa chontae.  Tá cead ag daoine idir ocht mbliana déag agus trí scór bliain d'aois iarratas a dhéanamh agus beidh na daoine a cheapfar ag obair le caidreamh níos fearr a chruthú idir na Gardaí agus an pobal.  Is cinnte go gcuidíonn Fórsa Chúltaca an Gharda Síochána go mór le cúrsaí póilíneachta sa chontae, go háirithe leis an laghdú suntasach atá tagtha ar líon na nGardaí sa chontae, a dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste Póilíneachta, An Comhairleoir Gerry Mc Monagle.

Otharlann Leitir Ceannain

Thug an tAire Stáit sa Roinn Sláinte Jim Daly geallúint sa Dáil tráthnóna inné go mbeidh oifigigh ón Roinn Sláinte ag comhoibriú le Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus le Saolta le hiarracht a dhéanamh obrádlann máithreachais in Otharlann Leitir Ceannain a oscailt.  Thóg an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh an cheist sa Dáil tráthnóna inné agus dúirt sé go bhfuil sé doiligh a chreidbheáil gur fógraíodh an t-aonad úr seo beagnach fiche bliain ó shin agus nár húsáideadh é go fóill.  Dúirt sé gur airgead amú a bhí ann nuair nach bhfuil an t-aonad in úsáid go háirithe in otharlann a bhfuil liostaí feithimh fada maidir le hobráidí de.  Dúirt an tAire Stáit Daly go mbeidh an Roinn ag díriú anois ar an obrádlann a chur i bhfeidhm á luaithe agus is féidir.

Feachtas gnó  


D'éirigh leis an fheachtas gnó Shop Lk a bhunaigh Cumann Tráchtála Leitir Ceanainn díolacháin de €1.5m a bhaint amach le linn tréimhse na Nollag agus na bliana úire.  Tháinig ardú 16% ar líon na ndíolachán an Nollaig seo agus idir an chéad lá de mhí na Samhna agus an ceathrú lá fichead de mhí Eanáir bhí díolacháin de €1.5m ag an fheachtas.  Bunaíodh an branda Shop LK sa bhliain 2004 agus tháinig na dearbháin i bhfeidhm sa bhliain 2006.  Dúirt Uachtarán an Chumainn Leonard Watson go bhfuil ardú leanúnach ag teacht ar dhíolacháin an bhranda achan bhliain ó tháining na cártaí bronntanais i bhfeidhm in 2015.  Dúirt sé gur airgead mór atá i gceist leis an bhranda Shop LK agus go bhfuil seo ag cuidiú ní amháin le lucht gnó an bhaile ach le cúrsaí fostaíochta fosta.
 

Aonad Gaeilge

Dúirt Príomh fheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Anne Mc Hugh, ag cruinniú míosúil an Bhoird an tseachtain seo , gur cúis áthais daofa go mbeidh Aonad Gaeilge úr a chur ar fail i Scoil na Mainistreach i mBaile Dhún an nGall ó Mheán Fómhair 2018.  Dúirt sí go mbeidh an tAonad ag freastal ar scoláirí ar mhian leo a gcuid oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge.  Sé'n aidhm atá leis an Aonad nó deiseanna oideachais trí Ghaeilge a chur ar fáil sa scoil agus grá don teanga agus don chultúr a chothú, a fhorbairt agus a neartú i measc na ndaltaí san Aonad Gaeilge, a dúirt Ann Mc Hugh.  Thug sí le fios gur socraíodh an tAonad a bhunú mar fhreagra ar riachtanais a tháinig chun solais ó phobal na dtuismitheoirí ar mian leo oideachais trí Ghaeilge a chur ar fáil da gcuid páistí ag leibhéil iar bhunscoile.

Teorainneacha

D'fheadfadh athrú a bheith ar theorainneacha na gceantair bardais i ndeisceart na contae, de bharr cúrsaí daonra, a deir an Comhairleoir Contae Éanna Ó Cnáimhsí.  Measann sé gur i gceantair bardais Inis Eoghain agus Leitir Ceanainn a bheas na hathruithe is mó, nuair a bheas athbhreithniú déanta ar na teorainneacha.  Dar leis nach mbeidh athrú ar bith ar cheantar bardais na nGleanntach agus gur an líon céanna comhairleoirí contae a bheas sa cheantar, agus measann sé go  bhféadfaí cuid de cheantar bardais Dhún na nGall a chur isteach i gceantar bardais Shrath an Urláir.  D'fhéadfadh roinnt de cheantar bardais Inis Eoghain a chur isteach le ceantar bardais Leitir Ceanainn.  Dúirt sé go bhféadfadh sé tarlú go mbeidh laghdú ar líon na gComhairleoirí Contae san athbhreithniú atá ar bun ar na ceantair bardais.
 

Beo

An Ghealach Ghorm

An Ghealach Ghorm

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Manglam Ceoil

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
An Dr. Ian Malcolm.

An Dr. Ian Malcolm.

 
Jim Foran.

Jim Foran.

 
Micheál Ó Leidhin & an tAire Stát Gaeltachta Joe Mc Hugh

Micheál Ó Leidhin & an tAire Stát Gaeltachta Joe Mc Hugh

 
Nuacht.

Nuacht.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 16/02/2018, An Clochán Liath.

Barrscéalta, Clár iomlán, 16/02/2018, An Clochán Liath.

 
An tAthair Clement Mac Mánuis.

An tAthair Clement Mac Mánuis.

 
Nóra Coyne as Leitir Caladh.

Nóra Coyne as Leitir Caladh.

 
Saera Ní Fhinneadha as an gCloch Mhór.

Saera Ní Fhinneadha as an gCloch Mhór.

 
Pádraig Griallais ó Ghrúdlann Mhicil.

Pádraig Griallais ó Ghrúdlann Mhicil.

 
Dara Ó Maoildhia, Cathaoirleach Chomharchumann Fuinnimh Oileáin Árann.

Dara Ó Maoildhia, Cathaoirleach Chomharchumann Fuinnimh Oileáin Árann.

 
John O’ Brien, Iascaire, Machaire Rabhartaigh.

John O’ Brien, Iascaire, Machaire Rabhartaigh.

 
Barra Ó Ceallaigh, Cumann Iascach Intíre na hÉireann.

Barra Ó Ceallaigh, Cumann Iascach Intíre na hÉireann.

 
Séin Ó Muineacháin, Tráchtaire Polaitíochta.

Séin Ó Muineacháin, Tráchtaire Polaitíochta.

 
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh Na Gaeilge/An Dream Dearg.

Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh Na Gaeilge/An Dream Dearg.

 
An Seanadóir Niall Ó Donnghaile, Sinn Féin.

An Seanadóir Niall Ó Donnghaile, Sinn Féin.

 
Michael Ó Gliasáin, Comhairleoir Contae, Ciarraí .

Michael Ó Gliasáin, Comhairleoir Contae, Ciarraí .

 
Seán Ó Riain, Ollscoil Mhaigh Nuad.

Seán Ó Riain, Ollscoil Mhaigh Nuad.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Spóirt.

Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Dara Ó Cinnéide;Oíche CLG na Gaeltachta.

Dara Ó Cinnéide;Oíche CLG na Gaeltachta.

 
Aodh Ó Coileáin;Cathaoirleach ar Bhord na Taibhdheirce

Aodh Ó Coileáin;Cathaoirleach ar Bhord na Taibhdheirce

 
Micheál Ó Móráin;Cruinniú cínn bhliana C. Uan Chiarrai.

Micheál Ó Móráin;Cruinniú cínn bhliana C. Uan Chiarrai.

 
Micheál Ó Céadagáin; Solas Charraig Aonair.

Micheál Ó Céadagáin; Solas Charraig Aonair.

 
Ferdia Mac Crann;Stáisiún aimsire Dhairbhre.

Ferdia Mac Crann;Stáisiún aimsire Dhairbhre.

 
An Saol ó Dheas 15ú Feabhra 2018

An Saol ó Dheas 15ú Feabhra 2018

 
Gay Mc Keon.

Gay Mc Keon.

 
Cluiche Ceannais Corn Club Uladh faoi 21.

Cluiche Ceannais Corn Club Uladh faoi 21.

 
Marjorie Uí Chearúil.

Marjorie Uí Chearúil.

 
An  tAire Stát Joe Mc Hugh.

An tAire Stát Joe Mc Hugh.

 
Edel Ní Chuireáin.

Edel Ní Chuireáin.

 
Barrscéalta Déardaoin 15-02-2018.

Barrscéalta Déardaoin 15-02-2018.

 
An tAire Stáit Seán Kyne & An Seanadóir Pádraig Ó Céidigh.

An tAire Stáit Seán Kyne & An Seanadóir Pádraig Ó Céidigh.

 
An Comhairleoir Eilís Ryan & An Dr. Anne Gillan.

An Comhairleoir Eilís Ryan & An Dr. Anne Gillan.

 
Áine Ní Bhreisleáin.

Áine Ní Bhreisleáin.

 
Catherine Boothman / Rachel Holstead.

Catherine Boothman / Rachel Holstead.

 
Séamus Martin.

Séamus Martin.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraíochtaí Polaitíochta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraíochtaí Polaitíochta.

 
Póilín Ní Chiaráin, iriseoir.

Póilín Ní Chiaráin, iriseoir.

 
Catherine Connolloy.

Catherine Connolloy.

 
Máire Bríd Ní Chualáin.

Máire Bríd Ní Chualáin.

 
Spórt.

Spórt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt:

Nuacht an Tuaiscirt:

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Load More...
Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

An Cheárta

An Cheárta

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís